Gaois

Bailiúchán Foinsí Logainm.ie

Áis thar a bheith úsáideach is ea Bailiúchán Foinsí logainm.ie don té atá ag iarraidh taighde a dhéanamh ar logainmneacha. Tá thart ar 5,800 foinse ann a cheadaigh an Brainse Logainmneacha agus iad i mbun taighde ar fhianaise stairiúil logainmníochta. Bunaíodh an Brainse Logainmneacha sa bhliain 1956 agus is iomaí saghas foinse a cheadaigh an fhoireann thar na blianta idir leabhair, ailt, foclóirí, léarscáileanna, lámhscríbhinní agus eile. Tá teacht ar an eolas maidir le cuid mhaith de na foinsí sin ar logainm.ie anois.

Is féidir cuardach a dhéanamh sa rannóg foinsí ar an suíomh ach ainm na foinse nó an giorrúchán a ghabhann leis a ionchur sa bhosca cuardaigh. Chomh maith leis sin, is féidir teacht ar fhoinsí agus tú ag breathnú ar an ‘taifead téacs’ a ghabhann le logainm ar bith sa mbunachar. Níl le déanamh ach an luchóg a ainliú os cionn an giorrúchán atá in aice leis an logainm agus taispeánfar sonraí na foinse sin, mar a thaispeántar thíos.

Anuas ar an eolas seo atá sa mbunachar foinsí, is féidir teacht ar chóipeanna digitithe de roinnt léarscáileanna sa rannóg acmhainní logainmníochta. Is léarscáileanna iad sin a cheadaigh foireann an Bhrainse dá gcuid taighde, agus cuimsítear réimse leathan contaetha chomh maith le léarscáileanna den tír ar fad sa rannóg seo. Tá eolas luachmhar ar na léarscáileanna úd ó thaobh na logainmníochta de, ach chomh maith leis sin, tá cuid acu thar a bheith ealaíonta - féach an ceann ildaite seo de chósta an iarthuaiscirt mar shampla:

Luaitear léarscáileanna de chuid an Down Survey sa mbailiúchán foinsí go minic, óir is foinse an-luachmhar iad ó thaobh na logainmníochta de, agus tá leaganacha digitithe díobh curtha ar fáil ag an Down Survey Project de chuid Choláiste na Tríonóide. Is gá a rá áfach, nach ionann na cóipeanna de na léarscáileanna atá ar an suíomh sin agus na cinn a bhíonn in úsáid ag foireann an Bhrainse, agus bheadh mionéagsúlachtaí eatarthu ó thaobh litrithe etc. dá réir (dódh na bunchóipeanna ar fad i dtinte éagsúla thar na blianta agus níl fágtha ach cóipeanna díobh).

Cé is moite de léarscáileanna, tá neart lámhscríbhinní a úsáidtear chun taighde a dhéanamh ar logainmneacha le fáil i bhfoirm dhigitithe ar shuíomh Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. Arís, tá téacsanna anseo a bhaineann le contaetha ar leith, Books of Survey and Distribution, mar shampla, a bhfuil cóipeanna ann dóibh a bhaineann le Ros Comáin, Maigh Eo, Gaillimh agus Contae an Chláir, agus téacsanna níos forleithne cosúil le A Census of Ireland circa 1659.