Bailiúchán na Scol agus Meitheal Logainm.ie Seolta!
Sheol an tAire Stáit Seán Kyne dhá shuíomh gréasáin de chuid Fiontar ag An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair – Meitheal Logainm.ie agus Bailiúchán na Scol ina iomláine.
Is é sprioc thionscadal Dúchas.ie Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ) a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne don phobal ag www.duchas.ie. Faoin gcéad chéim den tionscadal (2014-2016) tugadh faoi dhigitiú Bhailiúchán na Scol, cnuasach mór béaloidis a tiomsaíodh trí chóras na mbunscoileanna sna 1930idí. Tá Bailiúchán na Scol á fhoilsiú de réir contae le trí bliana anuas agus seoladh an dá chontae dheireanacha an tseachtain seo, Co. Chorcaí agus Co. Uíbh Fhailí, rud a fhágann go bhfuil an Bailiúchán ina iomláine ar fail don phobal anois ar www.duchas.ie. Is féidir an t-ábhar a chuardach agus a bhrabhsáil ansin de réir ceantair, de réir ainm duine nó de réir topaice.
Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), i gcomhar le Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), atá i mbun na hoibre seo le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta), ó UCD agus ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann. Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoin ábhar trí chuardach a dhéanamh sa bhailiúchán féin anseo nó blagmhír a léamh a bhaineann le scéalta as contae ar leith anseo.
Seoladh suíomh gréasáin nua de chuid Fiontar – Meitheal Logainm.ie – go hoifigiúil inné chomh maith. Uirlis sluafhoinsithe is ea Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha a chomhthiomsú agus is féidir leis an bpobal ainmneacha Gaeilge agus Béarla, móide sonraí eile, a bhaineann le mionainmneacha a ionchur ar an suíomh seo. Tugtar deis don phobal oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Ar an dóigh seo is féidir mionainmneacha a chaomhnú agus feasacht an phobail ina dtaobh a ardú.
Is suíomh gréasáin ar leith é Meitheal Logainm.ie ó Logainm.ie ach tá áis ar fáil don úsáideoir chun malartú idir an dá shuíomh go saoráideach. Tá www.logainm.ie agus Meitheal.logainm.ie á bhfhorbairt ag Fiontar, DCU i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta. Is féidir a thuilleadh a leamh faoi Mheitheal Logainm.ie sa bhlagmhír seo.