Gaois

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Laoise

stair shaibhir ilghnéitheach ag Contae Laoise a théann siar i bhfad. D’fhág gach ré a rian ar an gcontae – na taoisigh Ghaelacha, na Normannaigh, na manaigh, na hÚgónaigh, na tiarnaí talún agus lucht Chonradh na Talún. Ní haon ionadh go leagtar béim ar chúrsaí talún agus cumhachta sna cuntais a fhaightear sna seacht n-imleabhar déag ó Chontae Laoise i mBailiúchán na Scol. Déantar ceangal sa chuntas seo idir an taoiseach Leigheadh Laoighse agus an t-ainm Laois.

Is iomaí cuntas atá ar fáil i mBailiúchán na Scol ina ndéantar cur síos ar eachtraí móra staire agus is minic a luaitear logainmneacha áitiúla sna scéalta chomh maith. Mar shampla, baineann stair an-saibhir le Dún Másc agus tá dlúthbhaint ag an áitreabh féin le stair an chontae. De réir an chuntais seo, tugadh Dún Másc ar an áit mar gheall ar thaoiseach darbh ainm Maisge a thóg dún ar an láthair. In 1170 bhronn Diarmaid Mac Murchadha, a bhí mar Rí Laighin, Dún Másc agus a iníon (Aoife) ar Strongbow. Dá bharr sin, b’éigean do Strongbow agus a arm cúnamh a thabhairt do Dhiarmuid athsheilbh a fháil ar a chuid talún. Bhí sliocht Strongbow i gceannas ar an áit ar feadh na mblianta go dtí gur ghlac muintir Uí Mhórdha (príomhthaoisigh Laoise) seilbh ar an áit. Fuair Eoghan Rua Ó Néill, duine de na Niallaigh, seilbh ar Dhún Másc ina dhiaidh sin, ach in 1650 rinne saighdiúirí Chromail ionsaí ar an gcaisleán agus níl fágtha ann inniu ach fothrach caisleáin. Tá cuntas spéisiúil maidir le stair an chaisleáin ar fáil i nGaeilge sa chuntas seo ina ndéantar cur síos air mar fhoirgneamh “fuar follamh agus ag imtheacht ‘na fhothracha”. Deirtear gur féidir na cúig chontae atá buailte ar Chontae Laoise a fheiceáil ón dún ar lá breá geal.

Dún Másc, Contae Laoise

Luaitear seacht dteaghlach aitheanta go príomha le Contae Laoise, “The Seven Septs of Loígis” a thugtaí orthu. Bhíodh muintir Uí Mhórdha mar phríomhthaoisigh an chontae agus seilbh acu ar Dhún Másc i gcaitheamh an ceathrú haois déag. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo maidir le na taoisigh eile a mbíodh baint acu leis an áit thar na blianta. Déantar cur síos ar phlean a bhí ag an Uasal Francis Crosby chun baill teaghlaigh na seacht mórtheaghlach a mharú sa scéal spéisiúil dar teideal “The Massacre of Mullaghmast”. Ach, ar éirigh leis? Ní mór tuilleadh a léamh anseo chun teacht ar chríoch an scéil.

Mórtheaghlaigh Laoise

Tá cáil ar mhuintir Uí Leathlobhair fós sa lá atá inniu ann, teaghlach a shíolraíonn ó na taoisigh a bhí i réim roimh aimsir na Normannach. Bíonn teacht le chéile bliantúil acu chun ceiliúradh a dhéanamh ar a hoidhreacht. Ina theannta sin, tá an-mheas ar James Fintan Lalor (1807–1849) – óráidí, scríbhneoir agus réabhlóidí a bhain cáil náisiúnta amach. Bhí sé ina bhall d’Éire Óg agus tá cáil ar an ráiteas seo uaidh:

Ireland her own, and all therein, from the sod to the sky.
The soil of Ireland for the people of Ireland.

Léigh tuilleadh faoina shaol spéisiúil sa bhailiúcháin anseo.

Dealbh James Fintan Lalor

Baineann cáil ar leith le Diméin an Bhaile Fhinn na laethanta seo mar rogha áite le fanacht thar oíche ag daoine móra le rá, a leithéid Beyoncé agus Jay-Z, Kim agus Kanye (más fíor na ráflaí)! Is féidir cuntas a léamh anseo faoi thiarna talún darbh ainm Coote a mbíodh seilbh aige ar an áit fadó agus a thóg an teach mór atá mar óstán cáiliúil inniu. Tá cur síos ar thiarnaí talún Dhiméin an Bhaile Fhinn agus eile sna scéalta seo a leanas: “*The Landlord”, “The Local Landlord” & “The Landlord*”.

Diméin an Bhaile Fhinn, Baile Fhinn, Contae Laoise

Le linn Éirí Amach 1798 crochadh aon duine dhéag i Móinteach Mílic. Baill de na hÉireannaigh Aontaithe a bhí iontu. Tá séadchomhartha i gcuimhne na bhfear ina sheasamh anois ar Shráid Wolfe Tone i lár Mhóinteach Mílic agus ainmneacha na ndaoine a maraíodh scríofa air. Tá cuntas faoin gcrochadh ar fáil anseo agus déantar cur síos ar an séadchomhartha anseo.

Séadchomhartha Éirí Amach 1798, Sráid Wolfe Tone, Móinteach Mílic, Contae Laoise

Níl anseo ach blaiseadh de shaibhreas ábhar Chontae Laoise. Níl le déanamh agat ach súil a thabhairt ar an mbailiúchán ar fad ag an nasc seo chun teacht ar bhreis scéalta suimiúla!