Gaois

Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar Ua Laoghaire

Tá bailiúchán nua nathanna cainte le fáil ar shuíomh gaois.ie anois – Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar. Is aschur taighde é an bunachar sonraí seo a d’eascair as tráchtas PhD a rinneadh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tugtar léargas ann ar nathanna as saothar an Athar Peadar Ua Laoghaire agus tá cuntas ar 420 nath maille le breis agus 1,000 sampla úsáide as saothar foilsithe an Athar Peadar.

Is féidir an bailiúchán a chuardach ach focal nó frása a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh agus liosta na dtorthaí a bhrabhsáil. Ina theannta sin, is féidir focal randamach molta a roghnú as liosta na moltaí atá faoi bhun an bhosca cuardaigh nó an liosta nathanna ina iomláine a bhrabhsáil.

Tá bunfhoirm agus cur síos ag gabháil le gach nath agus luaitear ceannfhocail an natha i ndiaidh na bunfhoirme. Déantar cur síos ar gach nath chun brí agus míniú an natha a shoiléiriú. Ina theannta sin, faightear breis eolais maidir le bunús an chur síos sna samplaí breise. Tugtar suas le trí shampla úsáide de gach nath as saothar an Athar Peadar chun úsáid chomhthéacsúil an natha a léiriú. Tá nótaí úsáide luaite le nathanna áirithe chun léargas a thabhairt ar ghnáthúsáid agus/nó bunús an natha.

Seolfar Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé hAoine an 4 Samhain agus is féidir teacht ar gach eolas faoin ocáid anseo. Is féidir teacht ar an mbailiúchán nathanna ar fad ag an nasc seo – bain triail as!