Gaois

Béaloideas Chontae na Mí

Tá an-chuid scéalta spéisiúla as Contae na Mí i mBailiúchán na Scol. Dar ndóigh, tá baint mhór ag an Mí leis an ríochas. Lárionad na tíre a bhí inti, áit a mbíodh Ard-Rí na hÉireann lonnaithe fadó i dTeamhair. Tá an Bhóinn an-lárnach ó thaobh stair na Mí de, áit ar tharla ceann de na heachtraí ba chinniúnaí i stair na hÉireann, Cath na Bóinne. Tá neart iontrálacha againn idir bhéaloideas, amhráin agus stair faoin abhainn cháiliúil sin.

Lia Fáil, Teamhair

Tá seacht n-iontas Bhaile Fhobhair ní b’iontaí ná seacht n-iontas an domhain agus is féidir léargas a fháil ar chuid de na hiontais sin sna scéalta ó Gortloney, Co. na Mí. Léigh faoin muileann uisce gan sruth muilinn, uisce nach féidir gal a bhaint as, abhainn a shníonn in aghaidh an chnoic, mainistir atá suite ar scraith loinge agus tuilleadh anseo.

Tá mórchuid caisleán tábhachtach sa Chontae Ríoga. Is é Caisleán Bhaile Átha Troim an caisleán Normannach is mó in Éirinn. Tá an-tarraingt ag turasóirí ar an gcaisleán na laethanta seo. Is féidir léamh anseo faoin tollán idir An Baile Nua i mBaile Átha Troim agus Baile Íomhair. Tá seanchas ar leith ag baint le Caisleán Bhaile Mhic Gormáin. Deirtear go dtagann sionnaigh chuig an gcaisleán nuair a fhaigheann duine bás. Tá ceithre scéal bunaithe ar an bhfinscéal seo: Lord Gormanstown and the Fox, Gormanstown Castle, A Legend about Gormanstown Castle agus The Foxes and the Gormanstown Family agus gach ceann acu beagán éagsúil óna chéile.

Is rógairí iad muintir Bhaile Íomhair agus bíonn cleas éigin ar na díslí acu i gcónaí. Má bhíonn tú riamh ar cuairt sa cheantar seo thart ar Mháirt na hInide agus mura bhfuil fonn ort a bheith i do ghlasóg, ní mór an scéal seo a léamh chun léargas a fháil ar na cluicheoga a bhíonn ar siúl ag muintir na háite ann. Ina theannta sin, tá go leor cuntas ar thomhais sna scéalta i mBailiúchán na Scol agus d’fhéadfaí a mhaíomh go mbíodh muintir na Mí i gcónaí ag labhairt i mbriathra diamhra. Ní fios an fíor é sin go fóill ach is féidir teacht ar thuilleadh tomhas anseo agus anseo. Níl anseo ach blaiseadh beag de na scéalta atá le fáil ar dúchas.ie. Léigh faoi Collier the Robber, an Puck agus conas golliwog a dhéanamh nó téigh chuig www.dúchas.ie chun breis scéalta den scoth a léamh.