Gaois

Béaloideas Chontae Ros Comáin

Tá réimse leathan d’ábhar spéisiúil le fáil sna himleabhair ó Chontae Ros Comáin i mBailiúchán na Scol, a foilsíodh ar dúchas.ie le déanaí agus tugtar sampla de chuid de na scéalta éagsúla sa bhlagmhír seo.

Is féidir léamh faoin gcláirseoir iomráiteach Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, atá curtha i gCill Rónáin, agus an nasc a bhí aige siúd leis an gcontae sin. Ina theannta sin, tá dán dar teideal Carolan’s Grave faoin gcláirseoir céanna le fáil anseo.

Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin

Léirítear an bhaint a bhí ag an gcontae le cúrsaí miotaseolaíochta freisin sa scéal seo faoin mbanríon Meadhbh. Bhí cónaí ar an mbanríon í féin i Ráth Cruachan i gContae Ros Comáin de réir an scéil seo agus is féidir a thuilleadh a léamh faoina saol anseo.

Foinse luachmhar is ea Bailiúchán na Scol ó thaobh na staire áitiúla de dar ndóigh agus is amhlaidh atá i gcás Ros Comáin. Is léir an méid sin ón léarscáil bhreá ildaite seo ar a dtaispeántar na bailte fearainn i bParóiste Chill Taobháin. Scéal eile a léiríonn go bhfuil féith na healaíona i muintir Ros Comáin ná an ceann seo faoi chuinneoga i gCill Taobháin.

Tá dlúthbhaint ag Ros Comáin le Loch Rí, agus seo scéal ó scoil na mBráithre Críostaí i mBaile Átha Luain faoi mhurúch ón loch sin. Déantar cur síos sa scéal seo ar chuid de na traidisiúin a bhaineann le Loch Rí mar aon le háilleacht na háite do thurasóirí. Dar leis an scéal seo, tá clú agus cáil ar Inis Cloithrinn ar Loch Rí toisc gurbh in a áit a maraíodh banríon Meadhbh.

Níl anseo ach sampla beag den bhéaloideas atá ar fáil in dúchas.ie. Is féidir léamh tríd na scéalta ar fad as contae Ros Comáin agus aimseoidh tú tuilleadh seoidíní cosúil leis na scéalta thuas.