Gaois

Béaloideas Chontae Uíbh Fhailí

Níl aon amhras go bhfuil saibhreas béaloidis gan áireamh i measc ábhar Chontae Uíbh Fháilí i mBailiúchán na Scol. Is féidir cuardach a dhéanamh ar na scéalta ar fad ar dúchas.ie ag an nasc seo nó scoil ar leith sa chontae a roghnú ag an nasc seo. Tá clú agus cáil ar Chluain Mhic Nóis ar fud an domhain, agus tá neart scéalta faoin láthair eaglasta sin, agus faoi na toibreacha beannaithe, crosa, cloigthithe, agus séipéil atá inti san imleabhar a bhaineann le scoil Chluain Mhic Nóis.

Cluain Mhic Nóis

I measc na scéalta eile a bhaineann le cúrsaí cráifeachta, tá dornán scéalta san imleabhar ó scoil Liath Mancháin mar gheall ar phatrún an cheantair úd. Sa scéal seo, insítear faoi bhó bhleachtmhar a bhí ag Naomh Manchán agus a goideadh uaidh. D’aimsigh an naomh í toisc gur fágadh lorg a crúb ar na clocha. Níor thug Naomh Manchán bainne ar bith do mhuintir Liath Mancháin ina dhiaidh sin. Ón lá sin amach níor dhíol muintir an pharóiste sin aon deoir bhainne.

Scrín Naomh Manchán

Tá scéal eile le léamh anseo maidir leis an gcaoi ar roinn Naomh Manchán agus Naomh Ciarán a gcuid tailte. Dúirt Ciarán go gcaithfeadh sé a chaipín san aer agus gur leisean an talamh ón áit a raibh sé ina sheasamh go dtí an áit a dtitfeadh sé. Rinne sé sin agus shéid an ghaoth é i bhfad uaidh chuig an teorainn idir Uíbh Fhailí agus an Iarmhí. Deirtear go mbíonn gaoth mhór nó ‘Gaoth Chiaráin’ ann gach aon bhliain ar Lá Fhéile Ciaráin an 9 Meán Fómhair.

Rud a fheictear go minic i mBailiúchán na Scol ná liostaí de fhocail Ghaeilge a bhíodh in úsáid sa Bhéarla a labhratí go háitiúil, agus is sampla maith dá leithéid an liosta seo ó Ros Eidhneach.

Is dóigh, mar aon le háit ar bith eile in Éirinn, nach samhlaítear Uíbh Fhailí le fíon, ach léiríonn an scéal seo ó Bheannchar go mbíodh fíon airní á dhéanamh sa cheantar sin, ní amháin sin, ach tugtar treoracha maidir le cén chaoi ar féidir é a dhéanamh. Ar an ábhar céanna tá cur síos san ábhar ó Chaladh na Sionainne ar thithe tábhairne Uíbh Fhailí, ‘The Blue Ball’, ‘The Thatch’, agus ‘The Cat and Bagpipes’ ina measc. Bhí tionchar ag an gCanáil Mhór ar an saol i gCaladh na Sionainne, ar ndóigh, agus san imleabhar céanna tá mionchur síos ar stair na canálach sin. Níl anseo ach blaiseadh de scéalta a bhaineann le Contae Uíbh Fháilí. Níl le déanamh ach súil a thabhairt ar an mbailiúchán ar fad ag an nasc seo chun teacht ar a thuilleadh scéalta suimiúla!