Beathaí nua curtha le Ainm.ie
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (www.ainm.ie) le déanaí. Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí seo a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Cló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh.
I measc na mbeathaí nuascríofa, faightear cuntas ar Paul Drury (1958–2015), iriseoir agus eagarthóir, a bhí ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí iriseoireachta in Éirinn ar feadh os cionn deich mbliana fichead. Nuair a cheap sé an ceart a bheith aige féin nó ag a chuid iriseoirí, ní raibh eagla dá laghad air dúshlán na n-údarás a thabhairt agus cáineadh a dhéanamh orthu siúd a bhí i gcumhacht agus ar lucht an rachmais. Ina theannta sin, faightear cur síos cuimsitheach ar Dhiarmuid Mac an Adhastair (1943–2015) a bhí ar dhuine de na haisteoirí ba mhó a raibh aithne agus gean air ar scáileáin teilifíse na hÉireann. Rinne sé a chuid féin de pháirt Shéamuis Mhicil Tom, rógaire den seandéanamh, ar Ros na Rún. Duaisaisteoir eile ba ea Neasa Ní Annracháin (1922–2014) a chaith beagnach daichead bliain le hAisteoirí Raidió Éireann. Ba de theaghlach Gaeilge mór le rá í agus tá triúr díobh siúd ar ainm.ie chomh maith - Conraitheoir cáiliúil bhí ina hathair Peadar agus ceoltóir agus aisteoir a bhí ina deartháireacha Fachtna agus Ciarán.
B’eagarthóir agus foilsitheoir ildánach é Caoimhín Ó Marcaigh (1933–2014) a raibh dlúthbhaint le litríocht na Gaeilge aige ar feadh a shaoil. Ceapadh ina Eagarthóir Sinsearach ag an Ghúm é in 1981 agus sa bhliain chéanna thóg sé féin agus a bhean chéile, Aingeal, cúram an chomhlachta foilsitheoireachta Sairséal agus Dill ar láimh. Tugadh Sairséal Ó Marcaigh ar an ghnó sin feasta. Déantar cur síos ar Mhairéad Ní Chinnéide (1942–2015) sna beathaisnéisí nua a cuireadh ar shuíomh ainm.ie le déanaí chomh maith. Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí a raibh ardmheas uirthi ab ea í agus chaith sí a saol agus a dúthracht le cás agus le cúis na Gaeilge. Scríobh sí dhá leabhar mhóra staire, An Damer: stair amharclainne (2008) and Scéal Ghael-Linn (2013). Criticeoir agus scríbhneoir cruthaitheach ab ea Muiris Ó Meara (1972–2014) a raibh ‘féith na bhfocal agus bua ealaíonta go smior’ ann agus a bhfuil cuntas faoina shaol le fáil ar ainm.ie anois. Bhíodh ailt uaidh ar Comhar agus Feasta agus é ag plé le réimse leathan ábhar, idir nualitríocht na Gaeilge, léann na hÉireann, an scannánaíocht agus an fhealsúnacht. Déan cuardach ar an gcnuasach iomlán anseo nó roghnaigh bliain nó téama ar leith chun a thuilleadh beathaisnéisí a léamh.