Gaois

Bliain úr, tionscadail nua

Agus 2015 faoi bhealach, tá áthas orainn a rá go bhfuil muid ag tosú amach ar chúpla conradh nua. Seo thíos achoimre ar na príomhfhorbairtí ar féidir bheith ag súil leo i mbliana:

Logainm. Tá conradh nua againn leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta). Beidh muid ag leanacht ar aghaidh lena bhfuil ar siúl againn ar Logainm (eagarthóireacht ar na sonraí, go príomha) agus i measc na bhforbairtí atá ar na bacáin, tá áis nua le sonraí agus bailiúcháin sonraí logainmníochta a ghlacadh ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí áitiúla. Beidh muid ag cur leis na háiseanna eile atá ar an suíomh, ar nós na hacmhainní oideachais, an bailúchán foinsí agus na tagairtí stairiúla.

Focal. Beidh muid ag leanacht ar aghaidh leis an gcnuasach de théarmaí ríomhaireachta agus na ríomheolaíochta, agus ag déanamh seiceáil ar ábhar an bhunachair. An t-athrú is mó i mbliana, ar ndóigh, an t-aistriú suímh ó focal.ie go tearma.ie ar 1 Márta.

Dúchas. Tá go leor beartaithe againn don tionscadal seo i mbliana: foilsiú ábhair as tuilleadh contaethe (beidh Ciarraí ag teacht go luath!), feabhas a chur ar an gcuardach, agus an tionscadal nua sluafhoinsithe.

Ainm. Beidh tuilleadh beathaí á gcur leis an suíomh, agus beidh muid ag cur feabhais ar an suíomh féin. (Má ritheann ábhar beatha leat, cuir ar an eolas muid, le do thoil!)

Tionscadal LEX. Tá conradh nua againn i leith an tionscadail seo chomh maith. Leanfaidh muid ag soláthar téarmaí do bhunachar ilteangach téarmaí an Aontais Eorpaigh, iate.europa.eu. I measc na n-ábhar atá á bplé againn an mhí seo, tá drugaí tréidliachta agus trealamh iascaireachta.

Gaois. Cé nach tionscadal ann féin é Gaois, is ardán é dár gcuid torthaí taighde, agus tá sé i gceist againn cur leis go suntasach i mbliana. Beidh bunachar téarmaí anseo go luath, mar shampla.

Agus ar ndóigh is cuid den suíomh sin an blag seo, blag ina roinnfidh muid eolas faoi na tionscadail éagsúla atá ar siúl ag Fiontar, sna daonnachtaí digiteacha go háirithe. Tá súil againn aird ár léitheoirí a tharraingt ar na háiseanna agus na hacmhainní éagsúla atá curtha ar fáil againn, agus plé a chothú i dtaobh an ábhair chéanna. Bígí linn.