Gaois

Ceardlann: Uirlisí chun Mionlogainmneacha a Chomhroinnt (DCU, Déardaoin 14 Aibreán 2016)

ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, mar chuid de chomhdháil SNSBI, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé. Beidh Meitheal Logainm.ie á léiriú ag an gceardlann. Is uirlis nua í an Mheitheal chun sonraí logainmníochta a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. (Tá Meitheal Logainm.ie á forbairt faoi láthair agus beidh sí ar fáil mar aon le sonraí samplacha faoi dheireadh 2015.) Beidh an cheardlann seo suimiúil do chumainn áitiúla logainmneacha agus staire, do thaighdeoirí ar mian leo cur leis an Mheitheal, agus do bhaill de chumainn idirnáisiúnta ar mhaith leo acmhainní den chineál céanna a fhorbairt.

Beidh an cheardlann á reáchtáil trí Bhéarla. Seo a leanas roinnt de na haoichainteoirí deimhnithe:

  • David Parsons (Ollscoil na Breataine Bige) and Owain Roberts (Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige), a labhróidh faoi thaighde logainmneacha sa Bhreatain Bheag (teideal le deimhniú)
  • Joan Mullen, Comhordaitheoir Tionscadail, Ainmneacha Páirce na Mí (teideal le deimhniú)
  • Brian Ó Raghallaigh, Fiontar, a léireoidh Meitheal Logainm.ie
  • Pádraig Ó Cearbhaill, an Brainse Logainmneacha (teideal le deimhniú)

Teagmhálaithe: Úna Bhreathnach (una.bhreathnach@dcu.ie) nó Brian Ó Raghallaigh (brian.oraghallaigh@dcu.ie).