Gaois

Coirm agus Ceol i mBailiúchán na Scol

Fleadh Cheoil na hÉireann 2016 faoi lán seoil in Inis, Co. an Chláir faoi láthair agus is fiú súil a thabhairt ar chuid de na scéalta a bhaineann le cúrsaí ceoil i mBailiúchán na Scol mar sin. Cé go ndearnadh cur síos ar bhéaloideas an Chláir sa bhlagmhír seo ní ba luaithe sa bhliain, dírítear anseo ar roinnt cuntas a bhaineann le cúrsaí ceoil agus le baile na hInse – ceanncheathrú Fhleadh Cheoil na hÉireann 2016. Déantar cur síos breá ar stair agus ar leagan amach an bhaile féin sa scéal seo agus faightear breis eolais ar Mhainistir na hInse sa scéal seo.

Mainistir na hInse

Beidh scoth na gceoltóirí ag glacadh páirte i gcomórtais ceoil in Inis i gcaitheamh na seachtaine agus tugtar léargas anseo ar chuid de na ceoltóirí móra le rá atá luaite i scéalta in dúchas.ie. Mar shampla, déantar cur síos sa scéal seo ar phíobaire darbh ainm Seán Ó Digín as Loch Cárthaí i gCiarraí a raibh clú agus cáil air mar cheoltóir.

Dar leis an gcuntas seo, bhí Séan ag glacadh páirte i gcomórtas feise don phíobaire ab fhearr agus bhí píobaire ní b'fhearr ná Séan san iomaíocht ann. Léigh anseo faoin gcaoi ar éirigh leis an lámh uachtair a fháil sa chomórtas le cabhair ón gceol sí. An mbeidh an chabhair chéanna ar fáil d’iomaitheoirí na gcomórtas ceoil atá ar siúl faoi láthair? Is féidir scéal eile a léamh faoi ‘Phíobaire Shliabh Shliag’ as Co. Dhún na nGall agus faoi dhraíocht a chuid ceoil anseo. Ina theannta sin, sean-nath cainte ina luaitear an píobaire is ea ‘píobaire an aon phoirt’. Is féidir teacht ar bhrí an natha cainte san fhoclóir anseo ach is féidir an scéal ‘Phíobaire an Aon Phoirt agus Finnbhar’ a léamh anseo.

Beidh ar a laghad aon phort amháin nó aon amhrán amháin ag gach duine atá san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus is féidir teacht ar go leor amhrán i mBailiúchán na Scol chomh maith. Mar shampla, tá roinnt amhrán le fáil anseo agus is fiú súil a thabhairt ar an amhrán seo ina ndéantar cur síos ar bhuntáistí shaol an bhaitsiléara. Níl anseo ach sampla an-bheag de na scéalta suimiúla atá le fáil in dúchas.ie. Déanaigí cuardach anseo chun a thuilleadh a léamh – bainigí súp as na scéalta agus as Fleadh Cheoil na hÉireann 2016!