Corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla
Is é atá sa chorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Téacsanna ailínithe is ea iad inar féidir cuardach a dhéanamh ar théama nó ar fhrása i nGaeilge nó i mBéarla. Gintear liosta torthaí bunaithe ar an gcuardach corpais agus is féidir torthaí an chuardaigh a fheiceáil le hais a chéile ar an scáileán mar atá léirithe thíos.
Tá timpeall 9 milliún focal sa chorpas ar fad, 4.5 milliún i nGaeilge agus 4.5 milliún i mBéarla agus tá bailiúcháin éagsúla reachtaíochta ar fáil ar an suíomh. Tá gach eolas maidir le foinsí an chorpais ar fáil ag an nasc seo. Is féidir liosta na dtorthaí a scagadh de réir bailiúcháin, mar shampla, rogha a dhéanamh idir Reachtaíocht Phríomha na hÉireann, Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, Bunreacht na hÉireann, etc.
Is féidir cuardaigh shonracha a dhéanamh ar fhocail nó ar fhrása ar leith i mBéarla nó i nGaeilge tríd an mbosca cuí a roghnú. Gintear liosta torthaí agus is féidir an focal nó an frása cuardaigh a feiceáil i gcomhthéacs a úsáide. Tugann an sampla comhthéacsúil cuidiú don úsáideoir brí agus míniú an fhocail nó an fhrása a thuiscint. Feictear go n-áirítear réimse leathan reachtaíochta sa chorpas agus pléitear roinnt samplaí spéisiúla anois.
Téarmaí cuardaigh: ‘proportional representation’ nó ‘single transferable vote’
Leagan Gaeilge | Leagan Béarla | Foinse |
---|---|---|
Is de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thoghfar na comhaltaí. | The members shall be elected on the system of proportional representation by means of the single transferable vote. | Bunreacht na hÉireann 1937 |
Beidh an toghchán de réir an chórais ionadaíochta cionmhaire, vóta singil soaistrithe... | The election shall be by the proportional representation system, single transferable vote... | Ionstraimí Reachtúla: I.R. 1978 |
Is le rúnbhallóid agus ar bhonn phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire trí vóta inaistrithe amháin a dhéanfar vótáil. | Voting shall be by secret ballot and on the basis of proportional representation by means of a single transferable vote. | An tAcht um Iascach Intíre 2010 |
Téarma cuardaigh: ‘signed by’
Leagan Gaeilge | Leagan Béarla | Foinse |
---|---|---|
Ní foláir gach achainí den sórt sin a bheith i scríbhinn agus í a bheith faoi láimh an lucht achainí agus ní foláir a sínithe sin a bheith fíoraithe ar an modh a ordaítear le dlí. | Every such petition shall be in writing and shall be signed by the petitioners whose signatures shall be verified in the manner prescribed by law. | Bunreacht na hÉireann 1937 |
... beidh sé sínithe ag an gcoinsíneoir nó thar a cheann... | ... be signed by or on behalf of the consignor... | Ionstraimí Reachtúla: 1980 |
... píosaí aonair criadóireachta a rinne ealaíontóir go hiomlán agus a shínigh an t-ealaíontóir... | ... individual pieces of ceramics executed entirely by an artist and signed by the artist... | An tAcht Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010 |
Comhaontuithe a shínigh na Ballstáit idir an 1 Nollaig 2009 agus an 9 Eanáir 2013. | Agreements signed by the Member States between 1 December 2009 and 9 January 2013. | Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha |
Téarma cuardaigh: ‘respect’
Leagan Gaeilge | Leagan Béarla | Foinse |
---|---|---|
Beidh urraim ag an Stát dá ainm, agus bhéarfaidh oirmhidin agus onóir do Chreideamh. | It shall hold His Name in reverence, and shall respect and honour religion. | Bunreacht na hÉireann 1937 |
Ráthaíonn an Stát gan cur isteach lena dhlíthe ar chearta pearsanta aon saoránaigh, agus ráthaíonn fós na cearta sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. | The State guarantees in its laws to respect, and, as far as practicable, by its laws to defend and vindicate the personal rights of the citizen. | Bunreacht na hÉireann 1937 |
Dualgas ar údarás inniúil maidir le hurraim a thabhairt don Choinbhinsiún. | Duty of competent authority concerning respect for Convention. | An tAcht Uchtála 2010 |
Déanfar urraim ar na cearta maidir le cosaint aon duine atá cúisithe a ráthú. | Respect for the rights of the defence of anyone who has been charged shall be guaranteed. | Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2010) |
De bhreis ar an gcorpas féin a chuardach, tá reachtaíocht na hÉireann as an gcorpas comhthreomhar ar fáil anseo le híoslódáil i bhfoirm liosta. Is féidir le haistritheoirí a úsáideann bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe an liosta seo a iompórtáil sna bogearraí sin chun a gcuid oibre a éascú. Tá gach eolas maidir leis an áis seo ar fáil ag an nasc seo.