Gaois

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha

Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith. Faoi láthair, tá téacsanna ó Beo!, Nuacht RTÉ, Tuairisc.ie agus cartlann Cois Life ar fáil sa chorpas, chomh maith le samplaí ó Comhar, NÓS, Seachtain agus cartlann Cló Iar-Chonnacht. Tá 5.3 milliún focal ann faoi láthair.

Tá an comhéadan cuardaigh an-simplí. Is féidir cuardach sonrach (‘An frása seo gan athrú’) nó cuardach leathan a dhéanamh agus is féidir na torthaí a scagadh de réir bailiúcháin sa bharra ar dheis. Féach thíos ar chuardach samplach ar an téarma ‘Éireann’.

Tá an corpas seo in úsáid mar acmhainn inmheánach téarmeolaíochta ag Fiontar le tamall ach tá rochtain saor in aisce á bronnadh ar an bpobal anois air. Tá Fiontar an-bhuíoch de na foilsitheoirí agus de na sealbhóirí cóipchirt a thug cead dúinn a gcuid ábhair a úsáid.

Tá sé i gceist againn cur le hábhar agus le feidhmiúlacht an chorpais de réir a chéile. Ba bhreá linn aiseolas a fháil ónár gcuid úsáideoirí agus bheadh an-spéis againn cloisteáil ó shealbhóirí cóipchirt eile a bhfuil ábhar digiteach Gaeilge acu atá ag teacht le scóip an chorpais seo. Bainigí úsáid as agus is féidir dul i dteagmháil linn ag gaois@dcu.ie.