Gaois

Cuardach de réir topaicí le fáil ar dúchas.ie

áis brabhsála de réir topaicí ar fáil d’úsáideoirí an tsuímh dúchas.ie agus is féidir scéalta a bhfuil téamaí coitianta acu a chuardach anois. Is cuardach breise é an cuardach seo agus cuireann sé leis na cuardaigh eile – cuardach de réir daoine, cuardach de réir áiteanna agus cuardach téacs – atá ar fáil ar an suíomh cheana. Is féidir cuardaigh shonracha a dhéanamh ar thopaicí áirithe anois, ach is obair idir lámha é seo agus feabhsófar an áis de réir a chéile.

Tá raon mór topaicí le cuardach agus tá liosta na dtopaicí bunaithe ar Chlár Ábhar Bhailiúchán na Scol a chruthaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann (CBÉ). Tiomsaíodh c.1,700 topaic i measc ábhar Bhailiúchán na Scol ar fad agus is féidir scéalta a bhaineann le tréimhsí ar leith, ócáidí sonracha, seánraí agus neart eile a chuardach ar dúchas.ie anois. Tugtar spléachadh anseo ar chuid de na topaicí atá ar fáil le cuardach.

Luaitear go leor imeachtaí staire i scéalta Bhailiúchán na Scol agus is féidir an topaic ‘Am’ a chuardach chun teacht ar thréimhse staire sonraí nó ar chath nó ar chogadh ar leith.

Ní gá ach cliceáil ar an topaic chuí chun teacht ar na scéalta uile atá luaite leis an topaic áirithe sin. Ina theannta sin, faightear cuntais ar luíocháin a tharla le linn Chogadh na Saoirse mar aon le go leor scéalta faoi Éirí Amach 1798. Is féidir an cuardach a theorannú do na scéalta a bhaineann le contae ar leith tríd an gcontae cuí a roghnú ó liosta na dtorthaí.

Ní scéalta staire amháin atá faoi chaibidil faoin gcuardach de réir topaicí ach tá neart cuntas éagsúil liostaithe faoin mórthopaic ‘gníomhaíochtaí’, idir scéalta a bhaineann leis an leigheas dúchasach, cleachtais osnádúrtha, pósadh agus bás mar aon le lear mór scéalta faoi chluichí éagsúla, mar shampla, cluichí tórraimh mar a léirítear sa scéal seo ó Phort Láirge.

Tá mórchuid daoine éagsúla luaite faoin topaic ‘gníomhairí’ chomh maith agus is féidir scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill agus na Fianna a roghnú nó scéalta a léamh fúthu siúd a raibh ról acu sna cumainn rúnda, mar shampla, na Buachaillí Bána, na Fíníní agus na Ribínigh araon. De bhreis air sin, is féidir teacht ar chuntais faoi na pearsana stairiúla – na Lochlannaigh (agus an bheoir a bhíodh á ól acu), Ó Súilleabháin Béarra, Cromail agus Dónall Ó Conaill. Feictear sampla sa scéal seo thíos ar ar thit amach don té bocht a rinne iarracht bob a bhualadh ar Dhónall Ó Conaill.

Níl anseo ach sampla an-bheag de na scéalta ar fad atá ar fáil i mBailiúchán na Scol. Is áis úsáideach é an cuardach de réir topaice chun cuardach níos mionsonraithe a dhéanamh ar thopaic ar leith nó chun an cuardach a theorannú. Taispeántar an raon ábhair ata ann, idir seanchas aimsire, scéalta cráifeacha, táirgí bia, seanchas ainmhí i measc neart topaicí eile. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil faoin áis nua seo ag an nasc seo agus cuirfear fáilte roimh aiseolas i gcónaí. Bainigí leas as anois!