Gaois

Cúpla focal ó bhall den Mheitheal

Agus Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód le dhá mhí, d’iarr muid ar dhuine de na baill is forásaí cúpla focal a scríobh dúinn faoin bhfáth ar thug sé faoi agus faoin tairbhe atá le baint as an obair, dar leis. Seo a raibh le rá aige...

“Creidim gur fiú an obair thras-scríofa seo a dhéanamh, b'shin an fáth ar thug mé faoi. Ní hé gach cúiteamh ann atá le cuntas ina airgead amháin. Taitníonn na seanchainteanna go mór liom. Mar shampla: tarraingíonn an 'maide briste' pictiúr beo beathach i m'intinn - focal deas ar an tlú!! Tá an t-ábhar seo breac lena leithéid. Tá an-taitneamh á bhaint agam as na seanscéalta i nGaeilge a bhfuil mé i mbun a dtras-scríobh faoi láthair.

“Is cuimhin liomsa na scéalta dá n-inseacht agus mé óg agus an taitneamh den scoth a bhaininn astu. Is cuimhin liom go maith é sin. Na scéalta seo breactha síos ag na scoláirí ar leic eile na tine amach ón scéalaí féin - is maith an rud é sin - díreach ó bhéal na ndaoine a tháinig siad. Ní haon scríbhneoireacht mhór litríochta iad agus ní dhéanfaí aon leabhar mór astu ná aon airgead mór astu, cheapfainn féin, ach is deas ann iad agus is saibhre an pobal muidne dá mbarr.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh fáil ar na rudaí seo ag daoine b'fhéidir a mbíonn dua acu an tseanscríbhinn Ghaeilge a léamh dóibh féin. Tá daoine ann a dúirt liomsa nach léann siad na seanscéalta ná na seanleabhartha mar gheall ar an seanchló gaelach nár múineadh dóibh ar scoil. Dá bharr sin is mór an rud é an t-athscríobh digiteach seo a bheith ar fáil. Aontaím gur maith an rud é gan iarraidh 'ceartú' a dhéanamh ar an mbunlitriú mar a tugadh ar an leathphraitinn é. Tuigfidh an té a bhfuil an Ghaeilge aige nó aici brí an scéil mar atá agus feictear dom go gcoinneofar an oiread agus is féidir den chaint bheo ar an gcaoi sin. D'fhágfainn na 'ceartúcháin' ann á ndéanamh faoi láimh agus faoi shúil an léitheora nó an taighdeora féin.”

Má tá spéis agat páirt a ghlacadh san obair fhiúntach seo, tá gach eolas ar fáil anseo.