Gaois

Domhnach Chrom Dubh

Déantar ceiliúradh ar Dhomhnach Chrom Dubh ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Is iomaí cur síos atá ar fáil ar Chrom Dubh i mBailiúchán na Scol agus is féidir cuid de na scéalta a chíoradh anseo. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar roinnt scéalta ina luaitear Crom Dubh agus déantar cur síos ar na traidisiúin a ghabhann leis an tráth seo den bhliain.

Baineann formhór na scéalta faoi Chrom Dubh le Contae Chiarraí agus tugtar págánach, tíoránach, tiarna talún, Protastúnachsaghas rí air i scéalta áirithe. Dar leis an gcuntas seo, duine an-santach ab ea Crom Dubh nach dtabharfadh déirce d’aon duine riamh. Deirtear sa scéal seo go ndeachaigh sagart chuige ag lorg airgid chun séipéal a thógáil sa cheantar, ach dhiúltaigh Crom Dubh aon airgead a thabhairt dó. Thairg sé tarbh don sagart toisc go raibh sé den tuairim go maródh an tarbh an sagart. In ainneoin sin, fuair an sagart an lámh in uachtar ar Chrom Dubh sa deireadh mar a léirítear sa scéal thíos.

Deirtear sa scéal seo nach raibh ar an sagart an tarbh a mharú in aon chor, ach gur imigh an tarbh abhaile in éineacht leis go macánta. D’iompaigh Crom Dubh ina Chaitliceach ansin, thug sé airgead don sagart chun an séipéal a thógáil agus bhaist an sagart ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil é.

Dar leis an gcur síos seo, bíonn lá patrún i gClochán ar an Domhnach deireanach do mhí Iúil gach bliain agus déantar cur síos ar an turas a dhéantar timpeall an tséipéil anseo. Tá roinnt leaganacha eile den scéal seo ar fáil i mBailiúchán na Scol agus ní gá ach cuardach a dhéanamh anseo nó an topaic Crom a roghnú anseo.