Gaois

Foilseachán nua faoi Bhaile Átha Cliath ar fáil ar Logainm

Tá míreanna as ‘Dublin 1756 – 1847’, an chéad eagrán eile den tsraith faoi stair Bhaile Átha Cliath ón Irish Historic Towns Atlas, le fáil ar logainm.ie anois, agus iad nasctha leis na logainmneacha cuí. Tá an chéad dá eagrán: ‘Dublin to 1610’ agus ‘Dublin 1610 – 1756’ ar an suíomh le tamall anuas. San eagrán nua seo cuirtear síos go cuimsitheach ar an bhforbairt a tháinig ar an gcathair i rith na tréimhse 1756–1847 agus léirítear gnéithe éagsúla den fhorbairt sin ar léarscáileanna.

Ba i rith na tréimhse sin a tháinig cuid mhaith de na foirgnimh agus sráideanna is aitheanta agus is cáiliúla sa chathair ar an bhfód. Tugtar léargas dúinn mar gheall ar fhorbróirí móra na linne sin a bhfuil a rian fágtha acu ar an gcathair. Bhí muintir Líosain, muintir Mhic Liam agus muintir Ghairdinéir i measc na dteaghlach ba mhó acu siúd agus tá a sloinnte caomhnaithe i gcónaí i logainmneacha timpeall na cathrach cosúil le Sráid Líosain (Íochtarach agus Uachtarach), Cearnóg Mhic Liam (Theas, Thiar, Thoir agus Thuaidh) agus Sráid Ghairdinéir.

Cuirtear síos go mion sa téacs ar an infreastruchtúr a bhí sa chathair an t-am sin, agus is léir nach raibh an córas séarachais chomh maith sna laethanta sin is atá anois, rud atá le tuiscint ón ainm ‘Dunghill Lane’, seanainm ar Shráid na hInse na linne seo.

Bhí cúrsaí tráchtála agus tionsclaíochta thar a bheith tábhachtach an uair sin is léir, agus ba iad na Saoirsí i ndeisceart na cathrach an príomhcheantar tionsclaíoch. Bhí an ghrúdaireacht ar cheann de na tionscail ba mhó sa chathair an t-am sin; bhí thart ar 40 grúdlann sa chathair i lár an 18ú haois, an chuid is mó acu sna Saoirsí. Bhí Grúdlann Guinness, ceann de na grúdlanna is cáiliúla ar domhan anois, suite san áit chéanna ar Shráid San Séamas is atá anois, ach tugtar le fios dúinn gur ghrúdlann bheag a bhí inti an uair sin, a bhí in iomaíocht le cinn mhóra na laethanta sin cosúil le Watkins.

Is fiú go mór súil a chaitheamh ar an téacs seo chun eolas a fháil ar an gcaoi ar tháinig ann do chuid mhaith den chruth atá ar phríomhchathair na tíre seo sa lá atá inniu ann agus chun léargas stairiúil a fháil ar áiteanna atá i mbéal an phobail i gcónaí. Chun níos mó eolais a fháil agus chun foilseacháin a ordú, féach www.ria.ie/projects/ihta.