Gaois

Laethanta na Bó Riabhaí

Is minic nach féidir brath ar an aimsir ag an tráth seo den bhliain agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie gurbh in mar a bhí riamh. Tugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar laethanta deiridh mhí an Mhárta agus ar laethanta tosaigh mhí Aibreáin. Deirtear gurb é scéal na bó riabhaí is cúis le haon drochaimsir a bhuaileann an tír ag druidim i dtreo dheireadh mhí an Mhárta. Tugtar léargas sa bhlagmhír seo ar chuid de na scéalta spéisiúla ina luaitear Laethanta na Bó Riabhaí i mBailiúchán na Scol.

De réir an chuntais seo as Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge, tugtar an Sean RiabhachLaethanta na Bó Riabhaiche ar na laethanta seo agus faightear cur síos ar an tréimhse sin sa sliocht thíos.

Fadó is ar an t-aonadh lá deug de Aibreán a bhíodh deire le Mí na Márta. An Sean Mharta a thugadh air. Thug an Sean bó trí léim le h-áthas nuair a bhí Márta thart mar shíl sí go raibh deireadh leis an aimsir dona. D’iarr Márta trí lá ar Áibreán is thug Áibreán dhá la deug dí. Bhí na trí lá an-chruadh is mharbhuigh an sean bhó. Tugtar an Sean Riabhach ar na laetha ó shoin i leith.

Dar leis an gcur síos seo as an Ladhar i gCo. Chorcaí, bhí seanbhó ann agus bhí drochbhail uirthi i gcaitheamh mhí an Mhárta. Bhí eagla ar an mbó go bhfaigheadh sí bás de dheasca fhuacht agus fheannadh mhí an Mhárta, agus bhí ardú meanma uirthi nuair a tháinig an lá deireanach den mhí agus í fós beo.

Ina ainneoin sin, fuair Márta iasacht trí lá ó Aibreán agus tháinig athrú uafásach ar an aimsir. Thosaigh an chéad lá le gaoth aduaidh – gaoth dubh nimhneach agus sioc istoíche. Chaith flichshneachta agus clocha sneachta anuas ar an dara lá agus bhí carnán sneachta agus leac oidhre i ngach aon áit ar an tríú lá. Bhí an bhó bhocht marbh roimh oíche an tríú lá agus is é sin an chúis a dtugtar Laethanta na Bó Riabhaí ar an tráth seo den bhliain ó shin i leith.

Tá cuid mhaith leaganacha éagsúla agus cur síos difriúil ar an tréimhse seo ar fáil i mBailiúchán na Scol, ach is é an nasc idir an bhó riabhach agus an drochaimsir ag deireadh mhí an Mhárta agus i dtús mhí Aibreáin an téama coitianta a shníonn na scéalta ar fad le chéile. Mar shampla, féach ar an scéal seo as an Lóthar, Co. Chiarraí.

Laethannta na bó ríabhaiche síad an dá lá deiridh de Mhárta agus an cead lá de Abhrán. Is amhlaigh a chuir an bó ríabhach an Mhárta dhí gan an bás dá bhreith agus annsan leis an teasbach do thug sí dubhslán fé Mhárta gan aon dá cuid do dheanamh da dhícheall as san amach. Annsan iseadh do bhailig an Márta na gaotha go léir chuige ach do theip air an bó marbhadh, ach do fuair sé lá ar íasacht ó Abhrán, agus do cailleadh an tsean bó ríabhach le fúacht is le hanfa an 3adh lae.

Is féidir teacht ar a thuilleadh scéalta ar Dúchas.ie trí chuardach a dhéanamh ar Laethanta na Bó Riabhaí sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile. Ina theannta sin, tá obair idir lámha faoi láthair ar an gCuardach Topaicí agus beidh na scéalta ar fad a bhaineann le Laethanta na Bó Riabhaí luaite faoin topaic sin ar ball.