Gaois

Léarscáileanna Dáileacháin agus Míreanna Coitianta

Is iomaí mír éagsúil atá in úsáid i logainmneacha na tíre seo, agus tugann na míreanna seo léargas dúinn faoi na ceantair lena mbaineann siad. Tá roinnt mhaith míreanna ann a thagann aníos go minic, ar fud na tíre nó i gceantair faoi leith, agus is féidir roinnt mhaith a fhoghlaim ó dháileadh na míreanna úd. Tá léarscáileanna le fáil ar logainm.ie a léiríonn dáileadh cuid de na míreanna is coitianta i logainmneacha na hÉireann sa rannóg Gluais agus léarscáileanna dáileacháin.

Is gá a lua anseo nach bhfuil san áireamh sna léarscáileanna sin ach logainmneacha a bhfuil leagan deimhnithe Gaeilge acu. Tá leagan deimhnithe Gaeilge ag c.75% de na logainmneacha i mbunachar logainm.ie (gan sráidainmneacha san áireamh), agus mar sin is léiriú atá sna léarscáileanna seo de dháileadh na n-eilimintí i measc na logainmneacha úd. Tá níos lú logainmneacha deimhnithe Gaeilge i dTuaisceart Éireann sa bhunachar ná mar atá i bPoblacht na hÉireann, agus cruthaítear míréireachtaí dá bharr sin.

Tugann míreanna áirithe léargas dúinn faoi chruth na tíre, agus faoin tírdhreach i gceantair faoi leith. Is sampla maith de sin an léarscáil seo ar a dtaispeántar dáileadh na míre ‘droim’:

Feictear go bhfuil carnadh anseo ar an teorann idir Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht, go háirithe thart ar Chontae Mhuineacháin agus Contae Liatroma, sa cheantar a dtugtar ‘crios na ndroimníní’ air. Anuas air sin, léiríonn an léarscáil seo, den mhír ‘cnoc’, cé chomh mín is atá lár na tíre i gcomparáid leis an gcuid eile:

Tugann logainmneacha an-chuid eolais dúinn faoi chúrsaí lonnaíochta in Éirinn thar na blianta, agus is fíor sin i gcás ceann de na míreanna is coitianta i logainmneacha na tíre, ‘baile’. Tá baint ag an mír seo leis na hAngla-Normannaigh, agus mar sin, feictear i bhfad níos minice í i gceantair inar chuir na hAngla-Normannaigh fúthu. Má scrúdaítear an léarscáil dáileacháin don mhír ‘baile’, feictear go bhfuil braislí móra den mhír sin in áiteanna a raibh na hAngla-Normannaigh i réim an uair sin:

Tá ábhar suime sna léarscáileanna a bhaineann leis na heilimintí ‘lios’ agus ‘ráth’ chomh maith sa mhéid is go bhfuil ’lios’ in easnamh i gcuid mhaith de Chúige Laighean. Deir Deirdre agus Laurence Flanagan ina leabhar Irish Place Names (Gill & Macmillan, 1994 agus 2002) gurbh é ‘ráth’ an eilimint a d’úsáidtí de ghnáth le cur síos ar imfháluithe i logainmneacha Chúige Laighean, agus is léir sin ón léarscáil.

léarscáileanna dáileacháin le haghaidh 148 mír choitianta ar logainm.ie agus tá a scéal féin le hinsint ag gach aon cheann acu.