Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí an Mhárta

Tá an Mheitheal i mbun oibre le dhá mhí anuas agus táimid an-sásta leis an dul chun cinn leanúnach atá á bhaint amach. Seo briseadh síos ar obair mhí an Mhárta:

Baill: Cláraíodh 16 ball nua leis an tionscnamh seo le linn mhí an Mhárta; tá 50 ball cláraithe ar an suíomh anois.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 353 scéal le linn na míosa, ina measc neart ábhair as Gaillimh agus Dún na nGall. Chomh maith leis sin, fuarthas go leor ábhair thras-scríofa ón Dr Ray Cashman, in Ollscoil Ohio, a rinneadh mar chuid d’obair ranga. Rinne Fiontar an t-ábhar seo, 4,806 scéal Béarla, a bhformhór as Dún na nGall, a chóipeáil isteach sa bhunachar agus tá sé ar fáil ar an suíomh anois (tuilleadh eolais anseo).

Chuir Úna Bhreathnach an Mheitheal i láthair ag Léachtaí Cholm Cille i lár na míosa, agus cuireadh an Dr Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile Fiontar, faoi agallamh maidir leis don chlár Beo ag a Dó ar Raidió na Life ar an 2 Márta.

Ní hí ealaín an fhocail labhartha amháin a théann i bhfeidhm orainn sa bhailiúchán seo; uaireanta feictear ealaín álainn i bpeannaireacht agus leagan amach na scéalta; an ceird í seo atá caillte againn agus ré úr na teicneolaíochta faoi lánseol? Féach ar shampla den pheannaireacht sin sa scéal Laoi an Fhia agus é tras-scríofa ag ball den Mheitheal anseo:

Is iontach an ionadaíocht atá ag scéalta a bailíodh i nDún na nGall go dtí seo; rinneadh tras-scríobh ar go leor scothscéalta eile ón gcontae sin an mhí seo. Seo chugaibh nasc chuig scéal cáiliúil darb ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór; scéal a bailíodh i Rann na Feirste agus a tras-scríobhadh cúpla lá ó shin.

Ní dhearnadh faillí in ábhar na Gaillimhe ach oiread an mhí seo. Tá scéal suimiúil as Árainn darb ainm An Ceannaí Rua agus an Ceannaí Fionn a tras-sríobhadh le seachtain anuas ar fáil anseo.

Níl sa dá scéal sin ach blaiseadh beag den saibhreas béaloidis atá le fáil sa bhailiúchán seo. Níl le déanamh anois ach clárú linn agus tús a chur leis an tras-scríobh chun teacht ar sheoda béaloidis eile!