Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Dheireadh Fómhair

“Together, we are discovering secrets hidden deep inside our collections that illuminate our history and our world.”

Smithsonian Institution

Bunaíodh an Smithsonian in 1846 a bhuí le James Smithson, eolaí Briotanach a d’fhág a mhaoin uile le huacht ag Stáit Aontaithe Mheiriceá chun eolas a scaipeadh i measc an phobail ar bhealach níos simplí. Osclaíodh Ionad Tras-Scríbhneoireachta an Smithsonian i mí Iúil 2013 agus bhí dhá phríomhaidhm ag baint leis, is é sin, (i) teagmháil a dhéanamh leis an bpobal agus (ii) na cáipéisí stairiúla agus na bailiúcháin a bhí á stóráil ann a chur ar fáil don phobal. Institiúid idirdhisciplíneach is ea an Smithsonian agus tá réimse leathan ábhar á thras-scríobh ann, mar shampla, cáipéisí a bhaineann le cúrsaí staire, cúrsaí ealaíon, cúrsaí bitheolaíochta, etc.

Ionad Tras-Scríbhneoireachta an Smithsonian

Nuair a osclaíodh Ionad Tras-Scríbhneoireachta an Smithsonian ar dtús, ní raibh ach 31 tionscadal idir lámha ag an bhfoireann ann, tionscadail a bhain go sonrach le 8 mhúsaem, aircív agus leabharlann de chuid an Smithsonian. Is léir go bhfuil borradh mór tar éis teacht ar an obair thras-scríbhneoireachta ó shin. Anois, tá breis agus 900 tionscadal faoi chaibidil ag an Ionad agus bíonn ábhar a bhaineann le go leor réimsí éagsúla á thras-scríobh ag an bpobal go laethúil.

Ionad Tras-Scríbhneoireachta an Smithsonian

Faightear léargas ar éiteas an Ionaid ar an suíomh gréasáin seo agus tugtar ábhar machnaimh dúinn go léir a bhíonn páirteach le tionscadail nua-aimseartha chosúla. Luaitear an tábhacht reatha a bhaineann le cáipéisí lámhscríofa/cáipéisí clóite atá inchuardaithe agus atá meaisín inléite. Tá ré na ndúchasach digiteach (iad siúd a d’fhás aníos leis an teicneolaíocht agus a raibh scáileáin tadhaill, fóin chliste agus araile in úsáid acu ón gcliabhán) sroichte againn anois agus de réir a chéile atá an focal digiteach ag teacht i dtreis ar an bhfocal scríofa.

Tá na chéad dhúchasaigh dhigiteacha fásta suas anois agus iad ag triall ar an ollscoil. Is gá freastal ar an nglúin seo agus eolas agus bailiúcháin a chur ar fáil dóibh ar bhealach a bhfuil taithí acu air. Ba chóir dúinn na dúchasaigh dhigiteacha seo a mhealladh i dtreo an taighde agus i dtreo na mbailiúchán spéisiúil trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua-aimseartha. De réir mhana an Smithsonian, nuair a dhéantar tras-scríobh ar cháipéisí stairiúla cruthaítear áis inúsáidte do na glúinte atá le teacht.

“The Smithsonian Transcription Center seeks to engage the public in making our collections more accessible. We're working hand-in-hand with digital volunteers to transcribe historic documents and collection records to facilitate research and excite the learning in everyone.” Tá ról lárnach againn uile sa ré nua seo agus titeann an obair thras-scríbhneoireachta ar ábhar i mBailiúchán na Scol faoin ról sin. Táimid ag iarraidh na scéalta béaloidis a chur ar fáil do na glúinte atá le teacht – béaloideas ár sinsir – ar bhealach inchuardaithe agus inléite ionas go mbeidh teacht ag an bpobal ar an ábhar ar fhón cliste, ar ríomhaire nó ar ghléas ar bith eile ag am ar bith.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 263 bhall cláraithe leis an Meitheal faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair; tháinig méadú air sin le linn na míosa seo caite agus tá 318 ball cláraithe linn anois.

Líon leathanach a tras-scríobhadh: Márta – Deireadh Fómhair 2015

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 1,967 leathanach le linn na míosa agus tá 5,345 leathanach tras-scríofa go dtí seo – is ionann sin agus timpeall 10% den ábhar atá le fáil. Go raibh maith agaibh uile a chuidigh linn i gcaitheamh na míosa.

Baill na Meithle: Márta – Deireadh Fómhair 2015

Poiblíocht

Bhí alt ar sheoladh bhailiúchán Luimnigh le fáil in Tuairisc.ie an 30 Deireadh Fómhair. Is féidir teacht ar an alt féin anseo. Rinne tagairt don seoladh céanna ar shuíomh Irish Genealogy News agus is féidir an t-alt a léamh anseo. Ina theannta sin, pléadh Bailiúchán na Scol ar an clár raidió Today with Seán O’Rourke agus is féidir teacht ar an bpodchraoladh ag an nasc seo. Díríodh ar ábhar a bhain go sonrach le Co. Mhuineacháin i gcaint a tugadh ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge in OÉ, Gaillimh ag tosach na míosa agus luadh tionscadal Dúchas.ie ar shuíomh oidhreachta agus staire an Ghleanna.

Clárú

Cláraigh leis an Meitheal anseo agus cuirfimid stair ár sinsir le fail ar bhealach simplí don ré dhigiteach chun go mbeidh teacht ag an gcéad ghlúin eile ar na scéalta uile. Bí i do bhall den Mheitheal inniu!