Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Lúnasa

Mí eile caite i saolré na Meithle, agus deis eile againn, mar sin, féachaint ar thionscadal eile a bhaineann úsáid as an sluafhoinsiú d’fhonn cuspóirí ar leith a chur chun cinn. Le cúpla mí anuas thagair muid do chúpla tionscadal tráchtála a bhfuil nó a raibh an sluafhoinsiú mar ghné lárnach iontu. Léigh faoin a raibh le tuairisciú againn faoi Duolingo agus Facebook anseo agus faoi iarrachtaí an New York Times anseo maidir lena thionscadal uaillmhianach Madison.

An mhí seo, áfach, ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar an tionscadal Ushahidi. Tá Ushahidi spéisiúil sa mhéid gur eagraíocht neamhbhrabúis í. Ciallaíonn Ushahidi ‘fianaise’ as Svahaílis agus tá an eagraíocht lonnaithe i Nairobi, príomhchathair na Céinia. D’eascair an eagraíocht as an bhforéigean a thit amach i ndiaidh an olltoghcháin sa Chéinia in 2008. Comhlacht bogearraí is ea é Ushahidi agus d’fhorbair siad bogearraí ar leith i ndiaidh an olltoghcháin úd a dhéanann scéalta nó tuairiscí faoi fhoréigean nó faoi eachtraí tubaisteacha a mhapáil i dtír nó i gceantar áirithe. ‘Uirlisí sluafhoinsithe’ a thugtar ar na táirgí a forbraíodh; is féidir le híospartaigh nó finnéithe tuairiscí faoi eachtraí ar leith a sheoladh chuig Ushahidi trí SMS, tvuít nó ríomhphost nó trí aip atá forbartha acu.

Cabhraíonn an mhapáil nó an léirshamhlú seo go mór le lucht déanta beartas chun dul i ngleic le pé géarchéim nó tubaiste atá i gceist. Baineadh úsáid as na táirgí san Afraic Theas, i bPoblacht an Chongó, i Háítí agus sa tSile le linn géarchéimeanna éagsúla sna tíortha siúd agus áirítear raon leathan eagraíochtaí domhanda i measc chliaint Ushahidi - na Náisiúin Aontaithe, Al Jazeera agus Conservation International, mar shampla, i measc eagraíochtaí eile.

Dar ndóigh agus amhail an Mheitheal, is a bhuí le dream mór úsáideoirí gníomhacha a éiríonn le Ushahidi. Sampla an-mhaith is ea é a léiríonn an earraíocht is féidir a bhaint as an sluafhoinsiú ar son leas an phobail; sa chás seo, le guth a thabhairt dóibh siúd a bhíonn fágtha ar an imeall go minic.

Féach thíos torthaí oibre ár gcuid úsáideoirí féin ó mhí Lúnasa.

Sonraí suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 156 ball cláraithe leis an Meitheal faoi mhí Iúil; tháinig méadú 20% ar an bhfigiúr sin le linn na míosa seo caite; tá 189 ball cláraithe anois. Táthar ag súil go mbeidh 200 ball ann ag deireadh Mheán Fómhair. Scaipigí an scéal!

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 737 leathanach le linn na míosa agus tá 4,100 leathanach tras-scríofa um an dtaca seo - is ionann sin agus timpeall 8% den ábhar Gaeilge atá ar fáil - meánráta de 25 leathanach in aghaidh an lae. Tá baill na Meithle ag treabhadh leo, is léir.

Poiblíocht

Thug an Dr Brian Ó Raghallaigh aghaidh ar Rinn Ó gCuanach le linn na míosa chun freastal ar Dhaonscoil na Mumhan, áit ar thug sé léacht ar na tionscadail dhigiteacha atá idir lámha ag Fiontar. Chuir sé béim ar leith ar fhorbairt agus dhul chun cinn na Meithle, áfach.

Clárú

Faigheann foireann Dúchas.ie ríomhphost uathoibríoch anois chomh luath is a chláraíonn ball nua leis an Meitheal. Cabhraíonn sé seo go mór linn súil a choimeád ar fhorbairt na Meithle ó lá go lá. Is féidir clárú anseo; clárófar leis an Meitheal thú ar an toirt.