Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Nollag

Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód anois ó mhí na Feabhra 2015 agus ag dul ó neart go neart a bhuí lenár 400 ball díograiseach. Mar is eol daoibh, pléadh roinnt tionscadal spéisiúil le linn na bliana a raibh an sluafhoinsiú mar dhlúthchuid díobh. Caithimid súil siar anseo ar na tionscadail éagsúla a luamar i gcaitheamh 2015.

  1. Mí na Bealtaine: tugadh léargas ar bhunús an téarma sluafhoinsiú. Pléadh an t-alt ‘The Rise of Crowdsourcing’ a foilsíodh san iris Wired mar aon le hiarrachtaí Duolingo agus Facebook úsáid a bhaint as an sluafhoinsiú chun a ngnó a mhéadú ar fud an domhain. Léigh a raibh le rá againn anseo faoi choincheap an tsluafhoinsithe atá taobh thiar den Mheitheal s’againne.

  2. Mí an Mheithimh: léigh faoi “Letters of 1916” anseo – tionscadal atá faoi stiúir ag an Ollamh Susan Schreibman in institiúid taighde An Foras Feasa, Ollscoil Mhá Nuad. Bailiúchán digiteach litreacha a scríobhadh idir 1915 agus 1916 atá i gceist leis an tionscnamh seo. Tá 1,100 tras-scríbhneoir cláraithe leis an tionscnamh mar aon le 2,230 litir tras-scríofa ag baill an tionscnaimh go dtí seo (Eanáir 2016).

Letters of 1916

  1. Mí Iúil: bhí an togra sluafhoinsithe “Madison” de chuid an New York Times faoi chaibidil againn. Is í is aidhm do Madison ná cartlann dhigiteach an New York Times a shaibhriú trí thras-scríobh a dhéanamh ar fhógraí nach féidir le léitheoirí OCR a léamh ná meiteashonraí a asbhaint astu. Is féidir tabhairt faoin obair tras-scríofa seo a luaithe a chláraítear le Madison.

Madison

  1. Mí Lúnasa: tugadh léargas ar thionscadal ar a dtugtar “Ushahidi” – eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe i Nairobi, príomhchathair na Céinia, a bhaineann úsáid as nuatheicneolaíocht a dhéanann scéalta nó tuairiscí faoi fhoréigean nó faoi eachtraí tubaisteacha a mhapáil i dtír nó i gceantar áirithe. Baineadh an-úsáid as an uirlis sluafhoinsithe seo le linn eachtraí agus tubaistí móra le roinnt blianta anuas. Léigh tuilleadh faoi anseo.

Ushahidi

  1. Mí Mheán Fómhair: caitheadh súil ar “Movements.org” – ardán ar líne a dhéanann easaontaigh atá lonnaithe i sochaithe leatromacha a nascadh le daoine ar fud na cruinne a bhfuil na scileanna cuí acu chun cabhrú leo. Tá an nuatheicneolaíocht agus toil an phobail mar dhlúthchodanna den tionscadal seo. Léigh tuilleadh faoi Movements.org anseo.

Movements.org

  1. Mí Dheireadh Fómhair: institiúid ar leith is ea an Smithsonian a bhfuil stair fhada spéisiúil ag baint léi. Osclaíodh Ionad Tras-Scríbhneoireachta an Smithsonian i mí Iúil 2013. Léigh faoina bhfuil ar bun ann anseo.

Smithsonian Institution

  1. Mí na Samhna: pléadh an obair thras-scríofa atá taobh thiar den bhogearra CAPTCHA. Cuireann CAPTCHA bac orainn go léir, ar uairibh, logáil isteach inár gcuntais éagsúla ar líne. Bogearra is ea CAPTCHA ina dtugtar cúnamh d’eagraíochtaí dul i ngleic le botaí agus turscar. Léigh tuilleadh faoi anseo.

CAPTCHA

Tá sé ar intinn againn leanúint ar aghaidh leis an tsraith seo sna míonna amach romhainn. Táimid ag súil go mbeidh sibh linn! Féach thíos ar thuairisc ar obair mhí na Nollag.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 380 ball cláraithe leis an Meitheal faoi dheireadh mhí na Samhna; tháinig méadú air sin le linn mhí na Nollag agus tá 412 ball cláraithe linn anois.

Baill na Meithle: Márta – Nollaig 2015

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 3,046 leathanach le linn na míosa agus tá 8,759 leathanach tras-scríofa go dtí seo. Tá an figiúr ardaithe go mór do mhí na Nollag toisc go raibh taighdeoirí Fiontar ag tras-scríobh le linn na míosa in éineacht lenár mbaill dhíograiseacha atá cláraithe leis an tionscadal. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil timpeall 16% den ábhar Gaeilge atá ar fáil ar Dúchas tras-scríofa anois. Go raibh míle maith ag gach aon bhall a ghlac páirt san obair mhór seo anuraidh. Táimid thar a bheith buíoch díbh.

Líon leathanach a tras-scríobhadh: Márta – Nollaig 2015

Poiblíocht

Luadh Meitheal Dúchas.ie san alt 1,000,000 giolc, InterGaelic agus sloinnte Gael – súil siar ar an ‘Gaeltacht Dhigiteach’ i 2015 a foilsíodh in Tuairisc.ie an 26 Nollaig. Ina theannta sin, luadh dúchas.ie ar an gclár Tonight with Vincent Browne an 8 Nollaig. Tá sé ar fáil ag an nasc seo. Craoladh mír faoi Bhailiúchán na Scol ar an gclár Béaloideas Beo ar TG4 an 9 Nollaig. Táthar ag súil le cuairt a thabhairt ar scoileanna eile san athbhliain chun scéal na Meithle a scaipeadh agus chun baill eile a earcú! Bígí ag faire amach don Mheitheal le linn na bliana. Cloisfear neart eile faoin tionscadal seo de réir a chéile.

Clárú

Tá an-áthas orainn go bhfuil 412 ball cláraithe leis an Meitheal anois agus go bhfuil go leor scéalta á dtras-scríobh acu go rialta gach aon mhí. Cláraigh leis an Meitheal anois. Is féidir clárú anseo. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dár mbaill go léir!