Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí an Mheithimh

Sula ndéanfaimid cíoradh ar staitisticí na Meithle don mhí seo caite, ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar thionscnamh eile atá ag baint leas as toil an phobail ar mhaithe leis an bpobal agus na Daonnachtaí Digiteacha trí chéile. Scríobhamar cheana faoi gcaoi a bhfuil an sluafhoinsiú i mbarr a réime i measc na n-ollchomhlachtaí móra teicneolaíochta, ach tá cur chuige an tsluafhoinsithe ag éirí níos coitianta chomh maith céanna i measc eagraíochtaí agus institiúidí sna Daonnachtaí Digiteacha.

Tá tionscnamh sluafhoinsithe fíorshuimiúil ar bun in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad san institiúid taighde An Foras Feasa mar shampla (i gcomhpháirt le grúpaí eile); Letters of 1916 atá ar an tionscnamh seo atá faoi stiúir ag an Ollamh Susan Schreibman. Bailiúchán digiteach de litreacha a scríobhadh idir 1915 agus 1916 atá i gceist leis seo agus tá 700 tras-scríbhneoir cláraithe leis an tionscnamh faoi láthair. Tá 1,800 litir tras-scríofa ag baill an tionscnaimh go dtí seo agus táthar ag súil go mbeidh 3,000 litir tras-scríofa faoi Mheán Fómhair na bliana seo. Tá sé i gceist acu chomh maith go ndéanfar samhaltú topaice agus anailís seintiminte ar an gcorpas nuair a chuirfear críoch le tras-scríobh na litreacha. Bailiúchán luachmhar a bheidh ann do phobal na hÉireann amach anseo agus is sampla iontach eile é de na buntáistí agus na féidearthachtaí a bhaineann le pobal a chur ag tras-scríobh ar mhaithe le leas an phobail féin.

Sonraí Suntasacha

Anseo in Fiontar, tá an Mheitheal ag dul ó neart go neart:

Baill: Bhí 93 bhall cláraithe leis an Meitheal faoi mhí na Bealtaine; tháinig méadú 20% ar líon na mball iomlán le linn na míosa seo caite. Tá 113 bhall cláraithe leis an Meitheal anois ar an iomlán.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 971 leathanach le linn na míosa; is ionann seo agus c.30 leathanach in aghaidh an lae. Bhí 4.4% de na leathanaigh ar fad atá ar fáil le tras-scríobh tras-scríofa faoi dheireadh mhí an Mheithimh. Táimid an-sásta leis an dul chun cinn seasta atá á bhaint amach.

Mar is gnách, gabhaimid buíochas leis na baill go léir agus cuirimid fáilte roimh an 20 ball nua a chláraigh le linn na míosa.

Poiblíocht

Cuireadh Dúchas, agus an Mheitheal, i láthair ag comhdháil Digital Preservation for the Arts, Social Sciences and Humanities (DPASSH) i mBaile Átha Cliath agus ag comhdháil an International Society for Ethnology and Folklore (SIEF) i Ságrab sa Chróit. Cuireadh an Dr Brian Ó Raghallaigh faoi agallamh maidir le hábhar Chiarraí agus Meitheal Dúchas.ie don chlár Caint Chiarraí ar Radio Kerry ar an 28 Meitheamh.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Aedin Clements (ball den Mheitheal) as an mblagmhír fíorshuimiúil a scríobh sí don bhlag. Is leabharlannaí an Léinn Éireannaigh í Aedin in Ollscoil Notre Dame; tá léargas ar leith aici, mar sin, ar an ábhar áirithe seo atá le tras-scríobh. Deir sí go gcabhraíonn an tras-scríobh léi teacht ar scéalta nach dtiocfadh sí orthu thairis sin. Táimid an-bhuíoch di as an bpíosa seo a scríobh don bhlag agus as a cuid tras-scríbhinní go léir don Mheitheal.

Clárú

Go dtí seo bhí ar dhaoine ar spéis leo a bheith páirteach sa tionscnamh ríomhphost a sheoladh chugainn ach táimid an-sásta a fhógairt go bhfuil an rogha nua ann anois tú féin a chlárú ar shuíomh na Meithle féin ar an bpointe. Ina theannta sin, is féidir le gach ball a leathanach próifíle a chur in eagar agus a athrú am ar bith trí shuíomh na Meithle. Tapaigí an deis, mar sin, a chairde córa; agus cláraigí anseo!