Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Iúil

In 2014, chuir an New York Times, nuachtán a bhfuil cáil dhomhanda aige, tús le tionscnamh nua bunaithe ar mhodh an tsluafhoinsithe. D’eascair an tionscnamh as a saotharlann taighde “New York Times Research & Development”. Tá sé mar aidhm ag an tsaotharlann taighde seo treochtaí teicneolaíochta a thiocfaidh chun cinn sna blianta atá amach romhainn a aithint.

Madison” a thugtar ar an tionscnamh seo. Is é an aidhm atá leis ná aird an phobail a mhealladh i dtreo na bhfógraí a foilsíodh ar an New York Times le céad go leith bliain anuas d’fhonn cartlann dhigiteach an nuachtáin a shaibhriú. Cuirtear ceisteanna simplí ar na rannpháirtithe faoi na fógraí atá os a gcomhair amach d’fhonn meiteashonraí a chur le gach aon fhógra. Iarrtar ar na rannpháirtithe na fógraí a thras-scríobh chomh maith. Is féidir le rannpháirtithe próifíl a chruthú dóibh féin cosúil leis an Meitheal s’againne.

Léiríonn sé seo ar fad go dtuigeann ollchomhlachtaí meán amhail an New York Times na buntáistí a ghabhann leis an sluafhoinsiú. Is féidir níos mó a léamh faoin tionscadal san alt seo agus tá cur síos ar an tionscadal ag an NYT féin ar fáil anseo.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill: Bhí 113 ball cláraithe leis an Meitheal faoi mhí na Mheithimh; tháinig méadú mór air sin le linn na míosa seo caite óir tá 156 bhall cláraithe anois.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 1,003 leathanach le linn na míosa agus tá 3,300 leathanach tras-scríofa um an dtaca seo - níos mó ná 6% den ábhar atá ar fáil!

Poiblíocht

Mí chiúin a bhí ann, ach foilsíodh blagmhír mar gheall ar Mheitheal Dúchas mar áis do mhic léinn tríú leibhéal anseo. Ba mhaith linn an deis a thapú i mbliana le cúpla rang ollscoile a tharraingt isteach san obair, mar a rinneadh in Ohio anuraidh.

Clárú

Cabhraigh linn an stair a chaomhnú le cliceáil amháin” - a deir an New York Times maidir le tionscadal Madison. Fág do rian féin ar stair bhéaloideas na hÉireann; cabhraigh linn í a chaomhnú agus a scaipeadh. Níl le déanamh ach cliceáil anseo agus an fhoirm clárúcháin a líonadh. Beidh tú i do bhall den Mheitheal taobh istigh de chúpla soicind; agus ag tras-scríobh leat gan mhoill.