Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Feabhra

Blog post is available in Irish only

Agus cúpla mí de thástáil agus d’fhorbairt curtha i gcrích anseo in Fiontar, chuir muid an Mheitheal le suíomh Dúchas ar an 10 Feabhra. Seo briseadh síos ar an dul chun cinn don chéad mhí seo:

Baill: faoi dheireadh mhí Feabhra, bhí 35 ball cláraithe againn (nár bhain le foireann Dúchas!).

Tras-scríobh: faoi dheireadh na míosa, bhí 173 scéal tras-scríofa, ina measc ábhar as Baile Átha an Rí (‘Níl condae in Éirinn thoir thuaidh nó thiar theas nach bhfuil stair ag baint leis ach sáruigheann mo chondae féin iad uilig...’), Sáile, Co. Mhaigh Eo (‘Bhí fear in Acaill uair amháin...’), Rann na Feirste agus áiteanna nach iad.

Fógraíodh agus luadh an Mheitheal ar Tuairisc.ie agus ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus BBC Raidió Uladh. Tá an scéal á scaipeadh againn, agus tá póstaer nua againn - cuir scéala chugainn má tá cóip uait. Chuirfimis fáilte ar leith roimh mholtaí maidir le bealaí éifeachtacha chun an scéal a scaipeadh agus teacht ar dhaoine ar spéis leo a bheith páirteach san obair.