Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair na bliana 2016

Blog post is available in Irish only

Meitheal Dúchas ar an fhód anois le 2 bhliain anuas agus ní miste súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.

In 2015 tugadh cuireadh den chéad uair don phobal ábhar Gaeilge a thras-scríobh agus d’éirigh go han-mhaith leis an chéad ghlaoch sin. In 2016, mar sin, socraíodh go n-osclófaí an t-ábhar ar fad don tras-scríobh. Ní ag tosú ón bhonn ar fad a bhíothas i gcás an ábhair Béarla, óir bhí obair mhaith déanta ag an Oll. Ray Cashman agus a rang béaloidis in Ollscoil Ohio State (agus Ollscoil Indiana ar ball). Rinne siad tras-scríobh ar bheagnach 5,000 leathanach Béarla mar chuid den chúrsa in 2015, mar a thuairiscigh muid cheana anseo.

Faoi dheireadh 2016 agus de bharr dhea-thoil agus obair chrua bhaill Meitheal Dúchas.ie bhí 13,514 leathanach Gaeilge (16% den ábhar Gaeilge) agus 36,152 leathanach Béarla (11% den ábhar Béarla) tras-scríofa. Ní beag an t-éacht é sin! Bíonn daoine nua ag glacadh páirt sa Mheitheal i gcónaí agus bíonn na Meithleoirí díograiseacha céanna ag treabhadh leo fosta. Tá breis agus deichniúr a bhfuil 1,000+ leathanach tras-scríofa acu agus tá breis agus céad a bhfuil 100+ leathanach tras-scríofa acu ón tús. Ó thaobh ballraíochta de, bhí 1,149 ball cláraithe ag deireadh na bliana 2016. Formhór na ndaoine seo is gnáthbhaill den phobal iad, agus daoine eile, is mic léinn iad atá ag déanamh tras-scríobh mar chuid de chúrsaí ollscoile ar an bhéaloideas nó ar an Ghaeilge, nó eile.

I gcás amháin eile, rinne Scoil Náisiúnta Poulfur, Síol Bhroin, Co. Loch Garman, tras-scríobh ar an ábhar a bhailigh páistí na scoile céanna beagnach 80 bliain ó shin!

Líon leathanach a tras-scríobhadh: Eanáir–Nollaig 2016

Má bhí spéis agat féin páirt a ghlacadh sa Mheitheal ach ní raibh tú riamh cinnte faoin phróiseas clárúcháin nó faoin tras-scríobh féin, tá físeán teagaisc curtha le chéile againn agus is féidir amharc air anseo.

Chomh maith leis an obair féin, b’fhiú aird a tharraingt ar an taighde a rinne Gillian Lattimore, Ollscoil Chorcaí, ar na rudaí a spreag daoine chun páirt a ghlacadh in Meitheal Dúchas.ie. Mar achoimre, ba iad seo na príomhrudaí a chéadspreag daoine chun páirt a ghlacadh in Meitheal Dúchas.ie: spéis sna hábhair – Gaeilge agus béaloideas; suim phearsanta sa tionscadal; deis le heolas nua a fháil; deis le cuidiú a thabhairt don tionscadal agus le cur le cúrsaí taighde. Tá torthaí an taighde ar fáil ar líne anseo.