Naisc le Placenamesni.org
Cuireadh críoch le tionscadal meaitseála idir sonraí Logainm.ie agus PlacenamesNI.org ag deireadh 2014. Rinne Fiontar an obair seo i gcomhar leis an Dr Mícheál Ó Mainnín, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá os cionn 10,000 nasc idir an dá bhunachar curtha ar fáil anois.
Tá eolas breise ar fáil anois ar logainmneacha i dTuaisceart Éireann ach cliceáil ar ‘Tuilleadh eolais faoin áit seo ag Placenamnesni.org’. Déanfar tú a ath-threorú chuig an iontráil chuí in Placenamesni.org. Tá eolas cuimsitheach ar Placenames NI maidir le logainmneacha Thuaisceart Éireann, chomh maith le neart tagairtí stairiúla, agus is fiú go mór súil a chaitheamh air.
Tá tionscadal logainm.ie tar éis naisc a fhorbairt agus/nó acmhainní a mhalartú le go leor eagraíochtaí eile; tá liosta díobh anseo.
Mar shampla, seo thíos an t-eolas faoi Aontroim sa dá bhunachar: