Gaois

Naomh Pádraig

Is iomaí cineál ceiliúrtha a rinneadh ar Lá Fhéile Pádraig le míle bliain nó níos mó agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur fhág Naomh Pádraig rian ar an tír agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá fianaise den rian seo le feiceáil sna scéalta atá ar fáil le tras-scríobh ar Dúchas.ie. Tugtar léargas sa scéal seo ar chuid de na nósanna a bhaineann le féilte na bliana in Éirinn agus tá cur síos ann ar an tseamróg a chaitheamh in onóir do Naomh Pádraig.

Lá ’le Pádraig caitheann gach aoinne seamróg i n-onóir Phádraig, mar leis an t-seamróig a mhúin Pádraig rúindiamhar na tríonóide.

Is é caitheamh na seamróige ar an 17 Márta nós amháin a mhaireann go fóill in Éirinn agus timpeall na cruinne ar fad. Déantar cur síos sa scéal seo ón mBlascaod Mór ar Dhomhnach na Seamróige agus ar an gcaoi ar bhain Naomh Pádraig úsáid as duilleoga na seamróige chun trí phearsa Dia a mhíniú don phobal. Cé go bhfuil sé an-choitianta daoine a fheiceáil agus an tseamróg á caitheamh acu sa lá atá inniu ann, ní mar sin a bhíodh sé sna i gcónaí. Dar leis an scéal seo, chrochtaí aon duine a mbíodh an tseamróg ar a chóta aige sna seanlaethanta. Is maith an rud é nach bhfuil a leithéid fós fíor inniu!

Naomh Pádraig

Baineann ádh ar leith le seamróg na gceithre chluas agus dar leis an scéal seo, ní bheidh ganntanas airgid riamh ar an té a thagann ar sheamróg na gceithre chluas. Ach bíonn cuardaigh lae le déanamh chun a leithéid a aimsiú, áfach. Ina theannta sin, is iomaí amhrán atá ar fáil i mBailiúchán na Scol ina ndéantar cur síos ar an tseamróg agus is féidir blaiseadh de cheann amháin a fháil ag an nasc seo.

Ní scéalta áidh amháin a luaitear leis an tseamróg. Feictear sa scéal seo go bhfuil tréimhse chorraitheach i ndán don tír nuair a thiteann Domhnach na Pailme roimh Lá Fhéile Pádraig agus tréimhse ní ba shocra i ndán d’Éirinn nuair a thiteann Domhnach na Pailme agus Lá Fhéile Pádraig ar an lá céanna. Tá an t-ádh linn i mbliana toisc go dtiteann Domhnach na Pailme trí lá i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig. Ní mar sin a bhí sé sa bhliain 1913 nuair a thit Domhnach na Pailme ar an 16 Márta. Ní fheadar an raibh aon tionchar ag an scéal sin ar ar thit amach sa tír sna blianta i ndiaidh 1913?

Tá cur síos ar an gcaidreamh a bhí idir Oisín agus Naomh Pádraig i roinnt scéalta áirithe i mBailiúchán na Scol. Dar leis an scéal seo, ba ea Oisín an fear deireanach de na Fianna a bhí fós in Éirinn le linn aimsir Naomh Pádraig. Lá amháin thug Naomh Pádraig baisteadh d’Oisín i ndiaidh dóibh comhrá a bheith acu ar chúrsaí creidimh. Féach thíos ar an gcuid eile den scéal agus ar an gcuntas a thugtar ar an ngortú a fuair Oisín ó Naomh Pádraig an lá úd! Is féidir an chuid eile den scéal a léamh ag an nasc seo.

Tá scéalta faoi Naomh Pádraig fite fuaite ina chéile le roinnt mhaith scéalta faoi Chruach Phádraig chomh maith. Déantar cur síos cuimsitheach sa scéal seo ar Chruach Phádraig agus ar thuras Phádraig a dhéanamh. Dar leis an scéal seo, chaith Naomh Pádraig daichead lá agus daichead oíche ag guí go ndéanfaí Críostaithe de mhuintir na hÉireann agus nach gcaillfimis ár creideamh riamh. Gach uile bhliain déanann na mílte daoine turas na Cruaiche ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil in ómós do Naomh Pádraig agus tugtar Domhnach na Cruaiche ar an lá seo. Faightear breis eolais faoin troscadh a rinne Naomh Pádraig ar Chruach Phádraig sa scéal seo agus faoin gcaoi ar chur sé ruaig ar an diabhal chomh maith. Níl anseo ach blaiseadh de na scéalta a bhaineann le Naomh Pádraig atá ar fáil i mBailiúchán na Scol agus is féidir a thuilleadh a léamh trí chuardach a dhéanamh sa bhosca cuardaigh ar Dúchas.ie – bainigí triail as agus beannachtaí na Féile Pádraig oraibh ar fad!