Gaois

Nótaí Mínithe ar Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireann foireann an Bhrainse Logainmneacha nótaí mínithe le hiontrálacha éagsúla i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus is díol spéise iad dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí logainmníochta. De ghnáth cuirtear nótaí mínithe le logainmneacha a mbíonn gnéithe ar leith ag baint leo agus bíonn siad le feiceáil faoi bhunleaganacha na logainmneacha, más ann dóibh, mar a léirítear san íomhá thíos.

Tá roinnt mhaith nótaí ann ina léirítear an rian a d’fhág scoláirí na hAthbheochana ar logainmneacha na tíre, go háirithe ar na leaganacha Gaeilge. Mar shampla, Sráid Líosain, ar a dtugtaí Sráid Chill Mochargán ar feadh na mblianta, cé nach bhfuil aon bhunús stairiúil ag baint leis an ainm sin. Sampla eile is ea Bré i gCo. Chill Mhantáin, áit a mbíodh Brí Chualann le feiceáil ar chomharthaí ar feadh na mblianta, in ainneoin an easpa fianaise atá ar fáil do bhunús stairiúil an leagain úd.

In eagrán 19 Aibréan 1927 den Irish Times, foilsíodh litir leis an Ollamh Osborn Bergin inar mhínigh sé nach raibh aon bhunús stairiúil leis an leagan Brí Chualann. Siod é clabhsúr na litreach, ‘To sum up, Middle Irish scholars knew of a place called Dún Bré, at the mouth of a river in a district comprising the southern part of County Dublin and the northern part of County Wicklow ... The identification seems obvious [i.e. with Bray]. I do not know of any old authority for the name Brí Chualann’.

Nóta mínithe

Chuaigh aimsir na hAthbheochana i bhfeidhm ar dhá phríomhbhaile i gCo. Thiobraid Árann chomh maith, is iad sin, an tAonach agus Durlas, ar a dtugtaí Aonach Urmhumhan agus Durlas Éile faoi seach i gcaitheamh an fichiú haois.

Bíonn difear idir bunús an leagain Gaeilge agus bunús an leagain Béarla de logainmneacha áirithe agus tá roinnt mhaith nótaí ar fáil ar logainm.ie inar féidir léargas breise a fháil ar bhunús logainmneacha ar leith. Cuir i gcás An Clochán Liath agus Dunglow – is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin dá leagan sin anseo mar aon le Neidín agus Kenmare anseo. Ceann amháin eile atá suimiúil ná Ráistín/Clonmellon i gCo. na hIarmhí.

Anuas ar an méid sin, is ábhar spéise iad cuid de na nótaí mínithe sin do theangeolaithe. Mar shampla, Cill Droichead, tugtar léargas suimiúil ar an athrú a tháinig ar fhuaimniú an fhocail droichead ó dhá shiolla go siolla amháin sna leaganacha Béarlaithe den logainm sin. Díol spéise atá in Indreabhán chomh maith mar gheall ar an athrú a tháinig ar an litriú thar na blianta – Inbhearán, Inreabhán agus Indreabhán an lae inniu.

Mar sin bígí ag faire amach do na nótaí mínithe agus sibh ag tochailt ar logainm.ie. Tá gach seans ann go dtiocfaidh sibh ar roinnt seod amhail an Blaic i gCo. an Chabháin nó an Obair i gCo. na Mí.