Gaois

Oíche Shamhna

Ó tosaíodh ar chuntas a choimeád ar an stair in Éirinn, breathnaítear ar Oíche Shamhna (an oíche roimh Fhéile na Marbh) mar thráth suntasach san fhéilire. Déantar iarracht sa bhlagmhír seo léargas a thabhairt ar bhéaloideas agus ar ghnásanna a bhaineann leis an tráth seo den bhliain.

Téann cuid de thraidisiúin Oíche Shamhna siar i bhfad agus tháinig athrú ar nósanna áirithe thar na blianta agus le teacht chun cinn na Críostaíochta in Éirinn. Is ar thóir ‘bob nó bia’ a bhíonn leanaí Éireannacha na laethanta seo agus gnás beo beathach i gcónaí is ea dul amach Oíche Shamhna faoi bhréagriocht. Deirtear go gcuirtear tús le séasúr an dorchadais um Shamhain agus creideadh go dtugadh neacha osnádúrtha éagsúla agus na mairbh cuairt ar na beo Oíche Shamhna. Dá bhrí sin, tá roinnt mhaith tagairtí don bhás, do na spioraid agus do nithe osnádúrtha i scéalta Bhailiúchán na Scol. Is iomaí tagairt don ‘saol úd eile’, do na sióga agus na piseoga ar dúchas.ie – dar leis an scéal seo, bhíodh sé de nós ag na sióga siúl ar na sméara dubha Oíche Shamna agus níor cheart iad a ithe i ndiaidh thús mhí na Samhna dá bhrí sin.

Ceannaítear bairín breac go fóill sa lá atá inniu ann agus tá roinnt scéalta le fáil ar dúchas.ie faoin mbairín breac a ithe ag an tráth seo den bhliain. Déantar cur síos sa scéal seo ar na rudaí éagsúla a chuirtí sa bhairín breac, mar shampla, breac, fáinne, méaracán agus lasán. Roinntí an bairín breac le muintir an tí agus d’ithidís le chéile é. Is féidir teacht ar an gcuid eile den scéal anseo.

An té a ghéibheann an fáinne deirtear go bpósfar é, an té a géibheann an lasan deirtear go gcaillfear é, mas cailín a ghéibheann an méaracan nó an cnaipe deirtear go bpósaidh sí tailliúr agus an té a géibheann an t-airgead deirtear go mbéidh saidhbhreas aige.

Luaitear anamacha na marbh agus na gnásanna áirithe a bhaineann leis an mbás i roinnt scéalta sa bhailiúchán chomh maith. Mar shampla, lastaí ceithre choinnle istoíche chun solas a thabhairt do na mairbh agus bhíodh sé de nós ag daoine an teach a ghlanadh, an t-urlár a scuabadh agus tine bhreá mhór a chur síos ar Oíche Shamhna. Dar leis an gcuntas seo, chreidtí go raibh na mairbh ag filleadh ar ais ar an bhfód dúchais ar an oíche sin agus feictear sa scéal seo, go mbíodh sé de nós ag daoine coinneal a lasadh agus a chur ar leac na fuinneoige chun solas a thabhairt dóibh siúd a bhí ar shlí na fírinne agus ag dul chun na bhflaitheas. Is féidir a thuilleadh a léamh anseo nó cuardach sonrach a dhéanamh anseo.

Ar ndóigh, tá go leor scéalta i mBailiúchán na Scol faoi na sióga. Dar leis an scéal seo, níor cheart uisce salach a chaitheamh amach ar fhaitíos go mbáfaí na sióga. Ina theannta sin, tugtar léargas thíos ar an dainséar a bhaineann le bheith amuigh go déanach Oíche Shamhna má chasann sióg ort ar an mbóthar.

Is féidir a thuilleadh scéalta a léamh faoi Oíche Shamhna agus cuardach a dhéanamh ar na sean-nósanna agus na piseoga a bhaineann leis an tráth seo den bhliain ar dúchas.ie. Ina theannta sin, is féidir Póstaeir d'Oíche Shamhna a íoslódáil ar téarma.ie agus tá Bailiúchán Scéalta ar fáil ar dúchas.ie le híoslódáil chomh maith.