Gaois

Scéalta 1916: Frongoch – Ollscoil na Réabhlóide

Sa bhlagmhír seo táthar ag iarraidh aird a tharraingt ar chuid de na beathaisnéisí atá le fáil i mbunachar ainm.ie agus ar scéalta na ndaoine a raibh baint acu le hÉirí Amach 1916. Tá cuntais ar bhreis agus 1,730 duine ar ainm.ie, daoine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann. Tugtar léargas anseo ar chuid de na daoine a raibh baint acu le hÉirí Amach 1916, go háirithe, iad siúd a chaith seal in ‘Ollscoil na Réabhlóide’ nó i gcampa géibhinn in Frongoch sa Bhreatain Bheag.

Leac chuimhneacháin

Tá an-chur amach ar scéal cheannairí Éirí Amach 1916 agus is féidir cuid dá mbeathaí a léamh ar ainm.ie, mar shampla, Pádraig Mac Piarais agus Éamonn Ceannt – beirt a shínigh Forógra na Cásca. Ach dírítear anseo ar bheathaí daoine áirithe a raibh baint acu leis an Éirí Amach ach nár triaileadh os comhair armchúirte iad. Cuireadh i gcampa géibhinn iad i dteannta le breis agus 1,800 duine eile in Frongoch, an Bhreatain Bheag i ndiaidh an Éirí Amach.

Tá Frongoch suite in iarthuaisceart na Breataine Bige agus chuir an ceantar Conamara i gcuimhne do Shéamas Ó Maoileoin, ach amháin go raibh sé i bhfad níos iargúlta ná áit ar bith i gConamara. Tá cuntas aige ar an tréimhse a chaith sé in Frongoch sa leabhar B’fhiú an Braon Fola (1958) agus dar leis, “tá sé cinnte nách bhfuil aon áit có h-iargúlta, có h-uaigneach, có duairc, có fuar nó có gruama” le Frongoch. Príosúnaigh as an nGearmáin a bhí faoi choinneáil san áit sular cuireadh na chéad Éireannaigh i bpríosún ann ar an 9 Meitheamh 1916. Bhí príosúnaigh ó chúig cúigí na hÉireann ann agus baineadh úsáid as an tréimhse i ngéibheann chun eolas a roinnt, atheagrú a dhéanamh ar Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann maille le baill nua a earcú don eagraíocht chéanna. Ba san ‘ollscoil’ seo a fuair an-chuid ceannairí a throid i gcoinne Arm na Breataine oiliúint agus áirítear Seán T. Ó Ceallaigh, Traolach Mac Suibhne agus Micheál Ó Coileáin i measc na chéad chéimithe ó ‘Ollscoil na Réabhlóide’.

Príosúnaigh in Frongoch

Cuireadh 322 Gaillimheach i bpríosún in Frongoch agus b’as iarthar na Gaillimhe do thriúr díobh: Micheál Ó Droighneáin, Pádraig Ó Máille agus Conchubhar Ó Laoghaire. Bhí Ó Droighneáin ina Oifigeach Ceannais ar Bhriogáid Chonamara Theas de na hÓglaigh agus ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann chomh maith. Gabhadh é ar an 1 Bealtaine 1916 agus dar le Seán O Mahony ina leabhar, Frongoch: University of Revolution (1987), bhí sé ar dhuine den seisear ba ghníomhaí i ngnóthaí na teanga in Frongoch. Chomh maith leis sin, bhí daoine eile ag múineadh na teanga sa phríosún, mar shampla, Risteárd Ó Maolchatha, a bhí ar dhuine den ochtar airí rialtas idir 1922 agus 1962 ba mhó a ndeachaigh soiscéal Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm orthu i dtús a saoil.

I dteannta le ranganna Gaeilge a theagasc, bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge sa phríosún agus ba é Micheál Ó Cuill a bhí ina rúnaí air. ‘Craobh na Sróine Deirge’ a thugtaí ar an gCraobh mar de réir Liam Uí Bhriain gurbh in an bhrí a bhí le Frongoch. Thugtaí ‘the man who walked to Dublin’ ar Ó Cuill mar gheall ar an turas fada a rinne sé ó Chorcaigh Déardaoin Sheachtain na Cásca. Fuair sé an traein ó Chorcaigh go Gabhal Luimnigh agus gunnán ar iompar aige. As sin a thaistil sé go Na Solláin, Co. Chill Dara agus shiúil sé go Baile Átha Cliath. Shroich sé tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath faoin Satharn ach rugadh air agus cuireadh in Frongoch é i ndiaidh an Éirí Amach.

De bhreis air sin, imríodh peil Ghaelach ar pháirc ar ar tugadh ‘Páirc an Chrócaigh’ sa phríosún agus fógraíodh na cluichí móra trí phóstaeir a scaipeadh. Bhí baint ag Feargus de Búrca leis na cluichí a eagrú. Bhí sé ina bhall de chomplacht Ráth Fearnáin de na hÓglaigh agus bhí sé in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Peileadóir agus iománaí cáiliúil ab ea é agus bhí sé ina ardmháistir ar Scoil Éanna i ndiaidh dó bheith i bpríosún in Frongoch. Bhuaigh sé boinn óir le Baile Átha Cliath san iomáint i gcraobhchluichí 1917 agus 1920 agus bhuaigh sé boinn óir sa pheil le Baile Átha Cliath sna blianta 1921, 1922 agus 1923. Ina theannta sin, bhí sé ina bhall d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath Domhnach na Fola 1920.

Níl ann ach blaiseadh de chuid de na scéalta spéisiúla atá le fáil i mbunachar ainm.ie. Is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh agus tuilleadh taighde a dhéanamh más féidir! Tá tuilleadh eolais ar fáil ó ainm@dcu.ie.