Gaois

Scéalta 1916: Seán Ó Ríordáin agus Brian Ó Cuív

Tá comóradh céad bliain á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca i mbliana agus déantar iarracht sa tsraith blagmhíreanna seo aird a tharraingt ar an nasc idir na daoine a luaitear sa bhunachar ainm.ie agus an bhliain chinniúnach úd i stair na tíre. Is ionann ainm.ie agus bunachar a bhfuil cuntas ann ar dhaoine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 go dtí ár linn féin. Rinneadh cur síos orthu siúd a cuireadh chun báis i ndiaidh Éirí Amach na Cásca sa bhlagmhír seo agus tugtar léargas ar bheirt mhórscoláirí Gaeilge a rugadh sa bhliain chéanna anseo. Saolaíodh Seán Ó Ríordáin agus Brian Ó Cuív le linn 1916 agus d’fhág siad beirt rian faoi leith ar an nGaeilge ina ndiaidh.

Rugadh Seán Ó Ríordáin ar an 3 Nollaig 1916 i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí. D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Mhichíl Naofa ar an Sliabh Riabhach le linn a óige agus ar Scoil na mBráithre Críostaí i gcathair Chorcaí, áit ar bhog a mhuintir in 1932 tar éis bhás a athar. Bhain sé post amach in oifig na mótarchánach, Bardas Chorcaí i ndiaidh dó an scoil a fhágáil. Tháinig eitinn air i dtús 1938 agus chaith sé tréimhsí fada dá shaoil san ospidéal. Chuir sé tús le dialann phearsanta a scríobh le linn dó a bheith breoite agus b’in é an chaoi ar cuireadh tús lena shaol mar scríbhneoir. Bhí tionchar mór ag an eitinn ar a shaol agus ar a chuid filíochta. Cuireadh cnuasach dánta uaidh, Eireaball Spideoige, i gcló in 1952 agus foilsíodh an dara cnuasach, Brosna, in 1964 tar éis dó cuairt a thabhairt ar Dhún Chaoin. D’éirigh sé as a phost i mBardas Chorcaí in 1968 agus chaith sé seal ag obair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ina dhiaidh sin. D’éag sé ar an 21 Feabhra 1977 agus is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoina shaol ag an nasc seo ar ainm.ie.

Dar le beathaisnéis Bhriain Uí Chuív ar ainm.ie, “bhí sé ar dhuine de phríomhscoláirí Gaeilge an 20ú haois.” Rugadh é ar an 20 Samhain 1916 i gcathair Bhaile Átha Cliath. Bhí a athair ar dhuine de mhórphearsana Chonradh na Gaeilge i dtús an fichiú haois agus deartháireacha leis ab ea an tAthair Shán Ó Cuív, scoláire Gaeilge, agus an tArd-Aighne Andrias Ó Cuív. Bhain sé céim amach ó Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar toghadh é ina rúnaí ar an gCumann Gaelach sa bhliain 1938. Bhí sé ina léachtóir le Moch-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Breatnais i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad ar dtús sular éirigh leis post léachtóireachta a fháil i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ceapadh é mar ollamh sinsearach in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1967 agus bhí sé ina stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh idir 1968-71 agus arís idir 1972-73.

Brian Ó Cuív ag freastal ar an gcéad Chomhdháil Idirnáisiúnta sa Léann Ceilteach sa bhliain 1959. © Roinn na Ceiltis is na Gàidhlig, Oilthigh Ghlaschu.

Chuir sé liosta fada saothar éagsúil i gcló, ina measc siúd áirítear: The Irish of West Muskerry, Co Cork (1944), Irish Dialects and Irish-speaking Districts (1951), Literary Creation and Irish Historical Tradition (1964) and A View of the Irish Language (1969). Ina theannta sin, tá breis agus trí chéad tagairt dár scríobh sé in Bibliography of Irish linguistics and literature 1942-71 (1986) le Rolf Baumgarten. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Comhdháil Idirnáisiúnta sa Léann Ceilteach sa bhliain 1959. Cailleadh é in 1999 agus tá cuntas ar a shaol le fáil anseo ar ainm.ie agus ar an suíomh Dictionary of Irish Biography chomh maith.

Is féidir leas a bhaint as an áis amlíne ar ainm.ie chun bliain ar leith a roghnú agus na beathaí ar fad a scagadh de réir blianta breithe agus báis na ndaoine a luaitear sa bhunachar ón mbliain 1490 ar aghaidh go dtí an bhliain 2015. Ní gá ach cuardach a dhéanamh anseo. Bainigí triail as!