Gaois

Scéalta agus Scéalaithe as Contae Phort Láirge

Bhí traidisiún láidir Gaolainne riamh i gCo.Phort Láirge, go háirithe in iarthar an chontae. Tá idir ábhar Gaeilge agus Béarla le fáil i mbéaloideas na nDéise. Sa lá atá inniu ann, maireann an Ghaeltacht i Rinn Ó gCuanach agus sa Seanaphobal amháin; ach os cionn céad bliain ó shin, shín an Ghaeltacht ó chósta na Rinne, intíre trí Shliabh gCua agus chomh fada siar ó thuaidh leis an gCaisleán Nua i ndeisceart Thiobraid Árainn, áit ar rugadh Séamus Ó Maolchathaigh.

Bhí traidisiún an léinn Gaeilge láidir i gcónaí i Sliabh gCua freisin; ar nós mhúinteoir na scoile scairte Donnchadh Ruadh Mac Conmara; Pádraig Ó Fiannúsa, Pádraig Ó Milleadha, agus eile. Bhailigh mac Shliabh gCua eile, Pádraig Tyers, an t-uafás ábhair do Bhailiúchán na Scol.

Níl na mná as an áireamh anseo; tá cáil ar an mbanfhile Máire Ní Dhonnagáin agus ar an scéalaí Mrs.Mary Bray (Máire Ní Chaoimh), chomh maith lena deartháireacha Séamas agus Seán Ó Caoimh ó Chnoc na Faille. Tá scéal amháin againn ó Mháire Ní Chaoimh i mBailiúchán na Scol, a tháinig óna mac, Daniel Bray.

Ní raibh gach Déiseach suaimhneach agus léannta ámh; tá scéal again faoi “aeraíocht” ar lá an phatrúin; nuair a bhíodh faicseanaíocht ar siúl, ag na fir agus ag na mná! Bhíodh dhá fhoireann ann, “na carabhait” agus “na Sean-Bheistí”; bhíodh bataí droighin ag na fir agus, níos measa fós, bhaineadh na mná a stocaí agus chuiridís clocha iontu!

I measc na scoileanna i Sliabh gCua agus uime a bhfuil mórábhar Gaeilge iontu, tá Tuar an Fhíona i mBaile na Molt, Maigh Dheilge, Cill Bhriain, Cúil na Sméar.

Dar ndóigh, maireann an Ghaolainn beo beathach i Rinn Ó gCuanach agus sa Seanaphobal i bhfoisceacht Bhá Dhún Garbhán sa lá atá inniu ann. Tá a lán ábhair béaloidis againn i nGaeilge i mBailiúchán na Scol ó na ceantair sin; féach Baile Mhic Airt, Maol an Chóirne, An Ghráinseach agus eile.

Is cosúil go raibh tábhacht ag baint leis an gcat dubh i Rinn Ó gCuanach; de réir an scéil Fuil an Chait Duibh bhí leigheas ar thine Dhia le fáil san fhuil úd, ach amháin dá mbeadh ribe ar bith bán ar an gcat.

Dar ndóigh, tá ábhar i mBéarla againn ó Chontae Phort Láirge freisin. Suimiúil go leor, ámh, bailíodh neart ábhair Gaeilge gcathair Phort Láirge; tá dán suimiúil faoin nGaoluinn le fáil ón scoil seo. I measc an ábhair Béarla atá againn, tá cur síos ar nós a bhí coitianta in Éirinn ag an am, na mná caointeacháin ag sochraid. Tá scéal deas againn ó Chill Mhíodáin faoin gcaoi ar tháinig an mhuc go hÉirinn a bhuí le Naomh Bríd.

Tá cabhair ag teastáil uainn, tras-scríobh a dhéanamh ar an ábhar Gaeilge ó na háiteanna luaite thuas agus eile; is féidir leat clárú le haghaidh na hoibre sin le Meitheal Dúchas.