Gaois

Scéalta as Sligeach – Nósanna agus Pisreoga

Bhí an-chuid nósanna agus piseog ag muintir Shligigh fadó, de réir dealraimh, go háirithe nósanna a bhaineann leis an aimsir nó le laethanta faoi leith.

Ní raibh carranna ann san am sin, agus ar laethanta bainise, díreach i ndiaidh don lánúin nuaphósta an séipéal a fhágáil, bhíodh sé de nós ag muintir Áth Iomghlaise dul ar muin capaill agus imeacht chomh tapa agus is féidir leo chuig teach na brídí – agus bhí gloine fuisce d’fhear bainte an rása! Léigí faoi na “straw boys” (nó na “cleithirí” mar a ghlaoití orthu chomh maith) anseo agus tuilleadh nósanna anseo agus anseo agus anseo.

Bhain nósanna ar leith leis an tórramh chomh maith. Is iad “My Nine Daughters” agus “Catching the Goat” roinnt de na cluichí a d’imrítí acu. Léigh faoi na cluichí sin agus tuilleadh anseo.

Nós eile a bhí ann i gCliafuine ná na cleamairí nó “mummers” – grúpaí de dheichniúr agus iad gléasta in éadaí aisteacha, aghaidheanna fidil agus seanhataí briste brúite. Ar nós lucht an dreoilín, théadh na cleamairí ó theach go teach ag damhsa, ag rá amhrán agus ag seinm ceoil. Seo an rann a deiridís:

Here comes I wee Paddy Clout
With the wrong side of his shirt turned out
Money I want, and money I crave
If you don’t give me money I will sweep
you all away to the grave.

Nós eile a bhí ann tráth ná Banríon na Bealtaine. Léigh tuilleadh faoin nós seo agus faoi nós na gcleamairí anseo. Léigí faoi nós “Bríghid Óganseo. Tuilleadh nósanna le léamh anseo agus anseo agus anseo.

Maidir leis an aimsir a thuar, chreid muintir Áth Iomghlaise go mbeadh gaoth láidir ann dá mbeadh spéir dhearg thart ar an nGarastún. Seo sampla eile den saghas féilíochta céanna:

No matter how good the morning may be
if Benbulbin wears its “white cap” (of mist)
the day will be showery.

Tuilleadh féilíochta le léamh anseo agus anseo agus anseo.

Aon duine a thugann cuairt ar bhaile Shligigh ní fhéadfadh sé gan roinnt áiteanna suntasacha a thabhairt faoi deara. Ar ndóigh, tá Binn Ghulbain ann, agus is féidir léamh anseo faoin torc a mharaigh Diarmaid agus uaill chaointe Ghráinne a chluintear ann i gcónaí. Ar an taobh thiar den bhaile tá carn ar Chnoc na Riabh agus insítear sa scéal seo gur uaigh Mhéabha, Banríon Chonnacht atá ann. Tá cuntas anseo ar na cathanna i Maigh Tuireadh nuair a bhuaigh Tuatha Dé Danann ar na Fir Bolg agus ansin ar na Fomhóraigh.

Tá na mílte scéalta ann ar www.duchas.ie, ní hamháin faoi nósanna agus piseoga ach faoi gach ábhar faoin spéir – seanfhocail, amhráin, éarlaimh, na daoine maithe, eachtraí aisteacha, leigheasanna áiféiseacha, srl. ach críochnóidh mé leis an tomhas seo:

Siúd thall ort é, ní trom leat é
Ní ball de bhall do choirp é
‘S tá sé ort ina dhiaidh sin.

Faighigí amach an freagra anseo. Tuilleadh tomhas le fáil anseo.