Gaois

Scéalta Cleamhnais ó Bhailiúchán na Scol

Tá go leor le foghlaim faoi shean-nósanna cleamhnais na tíre seo ón réimse leathan scéalta i mBailiúchán na Scol. Nós coitianta ab ea é cleamhnas a dhéanamh idir dhá theaghlach agus maireann an nós seo i gceantair áirithe in Éirinn go fóill, mar shampla, Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir. Dar leis an scéal seo, bhíodh fear cleamhnais nó babhdóir i ngach dúiche timpeall na tíre agus bhíodh ról faoi leith aige maidir le cleamhnas a shocrú. Bhíodh taithí aige ar dhaoine a thabhairt le chéile chun cleamhnas nó pósadh a dhéanamh. Chuireadh an babhdóir aithne ar fhear óg a mbíodh feirm aige agus ar chailín óg a mbíodh spré oiriúnach aici. Théadh sé chun cainte leis na seandaoine agus thugadh sé lena chéile iad. Léigh an chuid eile den scéal thíos nó is féidir teacht ar chur síos eile ar obair an bhabhdóra anseo.

Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an spré i gcleamhnas a shocrú. Léirítear an tábhacht a bhaineadh le spré mhór a bheith ag an gcailín sa scéal seo. Feictear sa scéal seo go dtugadh muintir an chailín bó nó airgid don fhear mar spré.

Shocruigheadh siad an spre. Do mbeadh saidhbhreas mor ag a h-athair gheibheadh si £3 agus bo agus cúpla caorach agus gabhálts breagh talam talmhan a bheith ag an bhfear agus gheibheadh sí bronntanas posaidh.

Faightear cuntas sa scéal seo ar nós eile ar a dtugtar Picking the Gander. Thagadh an fear óg chuig teach an chailín i dteannta a chairde agus bhíodh mionbhainis acu. I gcásanna áirithe, ba é seo an chéad uair a chasadh an fear agus an cailín ar a chéile agus thugadh an mhionbhainis deis dóibh aithne a chur ar a chéile. Is féidir a thuilleadh a léamh faoin nós sin sa scéal seo.

Tá go leor piseoga i mBailiúchán na Scol a bhaineann le cúrsaí cleamhnais agus deirtear anseo gurb é an Aoine an lá is fearr sa tseachtain chun pósadh a dhéanamh. In ainneoin na dea-chomhairle sin, dar leis an scéal seo níor cheart duine a phósadh i mí na Bealtaine ná ar aon Chéadaoin nó Aoine den bhliain. Ba ghnách pósadh roimh an gCarghas agus i gcaitheamh na hInide a bhíodh formhór na bpóstaí. Is féidir teacht ar a thuilleadh nósanna spéisiúla anseo.

Sean-nós eile nach bhfuil coitianta sa lá atá inniu ann is ea ‘an t-éalú’. Dar leis an scéal seo ó Cho. Mhaigh Eo, ba mhinic a shocraíodh buachaill agus cailín éalú le chéile do theach carad. Bhíodh ar thuismitheoirí an chailín í a thabhairt abhaile agus cleamhnas a dhéanamh idir í agus an fear óg ansin. Ní nach ionadh nach mbíodh an chléir i bhfabhar an nóis sin agus is féidir an scéal ina iomláine mar aon le cur síor ar phionóis an tsagairt paróiste a léamh anseo.

Tá athrú mór tar éis teacht ar thraidisiúin agus ar nósanna pósta sa tír seo agus baineann cuid de na hathruithe sin le dlíthe agus reachtaíocht na tíre. Rinneadh leasú ar Bhunreacht na hÉireann sa bhliain 2015 nuair a cuireadh an méid seo a leanas le hAirteagal 41 den Bhunreacht:

Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.

Bhí roinnt plé ann faoin leagan Gaeilge den leasú seo toisc gur fágadh an frása ‘gan beann ar a ngnéas’ ar lár sa chéad leagan den leasú. Baineadh úsáid as an bhfrása ‘cibé acu is fir nó mná iad’ ach athraíodh an fhoclaíocht chun aidhm an leasaithe a shoiléiriú.

Cé go bhfuil athrú mór tar éis teacht ar na sean-nósanna a bhaineann le cleamhnas agus le pósadh a dhéanamh le linn an fichiú haois, feictear go maireann cuid de na sean-traidisiúin go fóill. Is féidir teacht ar na scéalta uile ar dúchas.ie tríd an topaic ‘pósadh’ a roghnú anseo nó gnáthchuardach téacs a dhéanamh anseo. Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh!