Gaois

Scéalta faoi thaibhsí in Dúchas

Ceann de na rudaí is iontaí agus taitneamhaí faoin obair ar duchas.ie ná an réimse fairsing ábhar a bhíonn le blaiseadh sna scéalta. Ó na cistí óir i bhfolach chuig na nósanna a ghabhann le laethanta áirithe, ní bhímid gann ar sheoda nua riamh.

Réimse ar leith a gcuireann an pobal suim ar leith ann ná na scéalta taibhsí. Léiríonn na focail ‘taibhseoir’ (duine a insíonn scéalta taibhsí) agus ‘taibhseoireacht’ go raibh dúil ag na Gaeil ariamh sna scéalta úd. Mar sin, roghnaíomar cúig cinn de na scéalta is scanrúla as Bailiúchán na Scol daoibh.

The Ghost of Cappoquin Store

Scéal as Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge faoi eachtraí aisteacha a tharla i stóras.

The Ghost Fair

Beidh aonach amárach ach ní i gCo. an Chláir a bheidh sé agus ní do dhaoine beo é ach an oiread! Scéal as Boirinn, Co. Mhaigh Eo.

Taibhse Thrian na Baintrí

Bhí daoine in amhras faoin taibhse a bhí ag crochadh thart i ngairdín áirithe i gCeathrú an Ghabhann, Co. Mhaigh Eo - go dtí gur bhuail siad leis...

The Headless Couple

Is minic a léirítear cumhacht na sagart i seanchas na hÉireann. Seo sampla amháin di, as Garbhchluanach, Co. Mhaigh Eo. Ní mhillfidh muid an críoch (buille an mheán oíche! sceana! fuil!), ach seo an tús:

Once a man and his wife were living together and one night the man cut his own throat and then his wife’s. After that the house that they lived in was haunted and no one could ever stay in it. There was an old Protestant living near the place and he said that he would live in it.

Taibhse i bParóiste Chill Gaobhair (Co. Mhaigh Eo)

Deirtear nach bhfágann anamacha áirithe an saol go dtí go mbíonn a ngnó curtha i gcrích acu...