Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Scéalta spéisiúla as Cill Dara

Dúchas.ie, Cill Dara, Béaloideas, Féilte, Spórt, Dornálaíocht, Stair, 1798, Iarsmaí teanga

Tá dlúthbhaint ag Co. Chill Dara le Naomh Bríd agus is as an láthair eaglasta a bhí aici a ainmníodh an baile agus an contae, agus tá a rian fágtha ag Naomh Bríd ar ábhar Chill Dara i mBailiúchán na Scol chomh maith. Tá míniú ar an mbunús atá ag Baile Chill Dara, agus an bhaint a bhí ag Naomh Bríd leis sin le fáil anseo sa bhailiúchán ó Chlochar na Toirbhirte sa bhaile úd. Anuas air sin, is féidir léamh faoin chleas a d’imir sí ar Rí Laighean a chur tús le féarthalamh an Churraigh sa bhailiúchán céanna.

Déantar Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an 1 Feabhra gach bliain, agus bíonn crosa Bríde á ndéanamh timpeall an chontae thart ar an am sin sa lá atá inniu ann fós. Tugann an scéal seo ó Ráth Iomgháin léargas ar na nósanna a bhain leis an bhFéile sin fadó.

Duine is ea an dornálaí ón 19ú haois, Dan Donnelly, atá fós in aigne mhuintir Chill Dara (fiú gurbh as Baile Átha Cliath dó) toisc go gcaomhnaítear a shloinne sa logainm Log Uí Dhonnaíle. Tá rian coiscéimeanna le feiceáil san áit sin fós, agus deirtear gurbh iad sin na coiscéimeanna a thug Donnelly é féin agus é ar an mbealach go dtí an fáinne dornálaíochta don troid cháiliúil a bhí aige ann in aghaidh Cooper. Tugann beirt dhalta ó scoil na mBráithre Críostaí sa Nás tuairiscí ar an eachtra sin anseo agus anseo.

ról lárnach ag an bportach sa saol i gcuid mhaith d’iarthar an chontae, ach tugann an scéal seo faoi scoil na Sceithrí le fios gur úsáideadh móin fiú mar ábhar tógála sa cheantar sin. Chomh maith leis sin, is léir ón scéal seo faoi bhróg ársa a aimsíodh in aice le Cairbre, nach í an mhóin an t-aon rud a bhaintear den phortach.

Is é Éirí Amach 1798 ceann de na himeachtaí stairiúla is mó a raibh baint ag Contae Chill Dara leis agus tá roinnt scéalta suimiúla i mBailiúchán na Scol i ngeall ar na heachtraí a thit amach sa chontae lena linn. Is féidir léamh faoi Chath Ráth Iomgháin, agus faoi John Doorley, ceannaire na reibiliúnaithe sa bhaile sin, agus faoin eachtra mhíchlúiteach a tharla ag an Gibbet Rath.

Is i mBéarla a scríobhadh formhór d’ábhar Chill Dara i mBailiúchán na Scol, ar ndóigh, ach faightear roinnt liostaí de leaganacha Gaeilge a bhí fós in úsáid sa Bhéarla thart ar an am sin, agus is samplaí maithe den ábhar úd na liostaí seo ó Bhaile an Mhuilinn agus ón Bhaile Mór. Tá roinnt liostaí logainmneacha sa bhailiúchán chomh maith, ach seasann an ceann seo faoi logainmneacha neamhoifigiúla i gCrochta na Gréine amach: liosta fada cuimsitheach atá ann agus léaráidí slachtmhara ag gabháil leis.

Nasc

Cleevaun
I saw a boy on one occasion in winter during frosty weather, working one of these things. It is composed of elder sticks placed on top of one another, held together by twine, and tapering in towards an apex or point. There was a sally twig bent arc wise as shown in diagram. A fork shaped twig held it up and from the fork of this there was a straight twig going to the sally twig. Inside the sally twig were placed some crumbs of bread. When a bird arrived it generally hopped onto the sally twig, thereby releasing the straight twig and trapping the bird by the fall of the cleevaun.

Tá neart ábhair shuimiúl sa bhailiúchan seo, agus is deis iontach é le dul i ngleic le stair an chontae chomh maith le léargas a fháil ar cé mar a bhí an saol ann nuair a bailíodh an t-ábhar agus roimhe sin.

Lógó gaois.ie
gaois.ie