Gaois

Seanchas Chontae an Longfoirt

Tá a lán le foghlaim faoi nósanna agus faoi shaol mhuintir an Longfoirt ón réimse leathan scéalta a bailíodh sna 1930idí. Mar shampla, bhí an-bhaint ag an Longfort le himeachtaí Éirí Amach 1798. I mí Mheán Fómhair na bliana sin shocraigh an Ginearál Humbert go rachadh sé chun comhraic le fórsaí na Breataine i mBéal Átha na Muc i dtuaisceart an chontae, gar do Cho. Liatroma. De réir an scéil seo, bhí drochthús leis an bhfeachtas nuair a goideadh slabhraí na ngunnaí móra ó champa na bhFrancach i gCluain, Co. Liatroma agus caitheadh isteach iad i Loch Chaoldra. Tá tagairt don fheillbheart úd san amhrán seo a bailíodh i mBéal Átha na Muc:

Ós ag trácht ar amhráin faoin Éirí Amach sin atáthar, tá leagan den amhrán cáiliúil The Rising of the Moon le fáil anseo. Tá neart eolais sa chuntas seo a bailíodh ó dhuine ar throid a sheanathair féin i gCath Bhéal Átha na Muc agus a raibh páirt aige in adhlacadh an Ghinearáil Blake a daoradh chun báis agus a cuireadh i Reilig Thobar Phádraig i gCorr na Caillí. Tá neart scéalta faoin slad uafásach a rinneadh ar na Gaeil agus d’fhág an cath a rian ar an gceantar, óir tá sé le breac le huaigheanna na Maolagán, nó na ‘Croppies’, agus tá bearnas i gCoillte Craobhacha ar a dtugtar ‘Croppies’ Gap’ air, dar leis an scéal seo.

Ionad cuairteoirí Bhéal Átha na Muc

Chomh maith leis na scéalta seanchais a bhaineann le hÉirí Amach 1798, tá neart scéalta ann a bhaineann le leigheasanna a bhíodh in úsáid go rialta sa chontae. Is féidir teacht ar chóir leighis faithní sa scéal seo, leigheas ar thinneas cluaise anseo agus moltar duilleoga tae a chur ar shúile tinne sa scéal seo – cóireáil scéimhe as a mbaintear úsáid fós sa lá atá inniu ann! Déantar cur síos ar shaol na tuaithe agus ar shaol an fheirmeora sna cuntais i mBailiúchán na Scol chomh maith. Mínítear an chúis a ndeirtí ‘prug, prug’ leis na ba sa scéal seo agus an chúis a dtugtaí Beatins ar an mbainne sa scéal céanna.

Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo cúpla mí ó shin ar chuid de na scéalta seanchais faoi logainmneacha i mBailiúchán na Scol agus tugtar léargas ar stair logainmneacha áirithe i gCo. Longfoirt sna cuntais atá le fáil in dúchas.ie. Mar shampla, tá cur síos ar na ráthanna sa chontae sa scéal seo, stair Chaonach Mór sa scéal seo mar aon le béaloideas Reilig Chill Mhic Caoinleáin sa scéal seo. Ar ndóigh, ní thugtar ach blaiseadh an-bheag anseo den saibhreas béaloidis atá le fáil ó Chontae an Longfoirt. Tá neart scéalta suimiúla eile le léamh ar dúchas.ie.