Gaois

Meitheal Dúchas.ie agus ábhar bhéaloidis Chiarraí agus Chill Dara seolta ag an Aire

Sheol Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Meitheal Dúchas.ie agus ábhar béaloidis as dhá chontae nua go hoifigiúil ag ócáid a tionóladh in DCU inné (22 Aibreán). Is féidir an preasráiteas a léamh anseo.

Agus é ag seoladh an ábhair, dúirt an tAire: "Tá lúcháir orm Meitheal Dúchas.ie a sheoladh inniu. Is togra suntasach nuálach é seo a chuireann ar chumas úsáideoirí Dúchas.ie dul i ngleic le hábhar Gaeilge Bhailiúchán na Scol ar mhodh úrnua trí na scéalta béaloidis a thras-scríobh. Cuirfidh na téacsanna tras-scríofa go mór leis na hacmhainní cuardaigh ar an suíomh mar ligfidh siad don úsáideoir na scéalta a chuardach go mion.

“Tá mé an-sásta freisin, ábhar Chiarraí agus Chill Dara a sheoladh, an dá chontae is deireanaí atá digitithe agus innéacsaithe ag foireann Dúchas. Is dhá chontae iad a bhfuil traidisiún saibhir béaloidis acu agus tá a chruthúnas sin sa taisce seo as Bailiúchán na Scol. Cuirfidh foilsiú ábhar Chiarraí, go háirithe, go mór le líon na scéalta Gaeilge atá ar Dúchas.ie agus is féidir leo siúd a bhfuil suim acu san ábhar Gaeilge sin triail a bhaint as an tras-scríobh ach clárú le Meitheal Dúchas.ie."

Tá 31,125 leathanach as Ciarraí agus 3,383 leathanach as Cill Dara ar fáil anois.

Seo thíos cúpla pictiúr ón ócáid.