Gaois

Téarmaí Físchluichíochta foilsithe ar Téarma.ie

Blog post is available in Irish only

an dara baisc as an mbailiúchán nua Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise foilsithe anois ar tearma.ie. Tiocfaidh tú orthu anseo. Baineann an dara baisc seo le cúrsaí ríomhchluichíochta. Cíoradh carachtair an tsaoil fhíorúil, dála ‘boss’, ‘herald’ agus ‘guardian’ agus beartaíodh go bhfeilfeadh fathach, spreagaire agus caomhnóir mar choibhéisí Gaeilge.

Ní na carachtair amháin a bhí idir lámha. Bhíothas ag streachailt freisin le coincheapa cosúil le ‘first person shooter’ nó cluiche lámhaigh céad phearsan; ‘bunny hopping’ nó mearphreabadh. De bhreis air sin, is féidir teacht ar shainmhíniú le haghaidh an téarma chéanna ag an nasc seo.

“Mearphreabadh: Teicníc i bhfíschluichí a úsáidtear i gcluichí lámhaigh céad phearsan nuair a bhíonn an t-imreoir ag rith is ag léim an t-am ar fad, agus go minic ag lámhach chomh maith.”

I measc na dtéarmaí spéisiúla eile, tugtar scaollbhrúigh cnaipí ar ‘button mash’, gan trácht ar an téarma masla an mhála tae ar ‘teabagging’!

Carachtar ríomhchluichíochta

Taighde spraíúil a bhí i gceist le réimse na ríomhchluichíochta agus tá neart eile fós le teacht. Is toradh iad na téarmaí seo ar thaighde atá ar siúl in Fiontar le bliain anuas. Tá coincheapa úra á dtiomsú ag Fiontar (faoi chonradh 2014–2017) i réimsí ilghnéitheacha síorathraitheacha na ríomhaireachta agus na ríomheolaíochta.

Pléann baill an fhochoiste téarmaí nua-aimseartha a bhaineann go sonrach le réimse na teicneolaíochta faisnéise ag na cruinnithe míosúla. Táimid fíorbhuíoch de bhaill an fhochoiste atá ag freastal ar na cruinnithe míosúla ó cuireadh tús leo i mí na Nollag 2014 agus de na saineolaithe eile a bhíonn ag saothrú leo ar eislíon inmheánach Fiontar idir na cruinnithe.

Is bailiúchán forlíontach é seo, atá ag tógáil ar an téarmaíocht atá le fáil in tearma.ie cheana (tá breis agus 13,000 téarma luaite leis an réimse ‘Ríomhairí, ríomheolaíocht’). Ná dearmadaigí iad a atvuíteáil ónár gcuntas Twitter, agus iad a thoghadh ar Facebook!

Údar: Jamie Murphy (Cúntóir Eagarthóireachta)