Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar dúchas.ie ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Tugadh le fios go bhfuil úsáideoirí dúchas.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan – sna Stáit Aontaithe, sa bhFionlainn agus san Astráil, i measc tíortha eile.

Rangaíodh na moltaí a tháinig isteach de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos. Is cúis áthais dúinn ar fad go raibh cuid de na moltaí ar an liosta oibre reatha againn cheana.

Luadh arís i mbliana go bhfuil sé deacair an suíomh a úsáid ar fhón cliste. Tá sé i gceist athdhearadh a dhéanamh ar shuíomh dúchas.ie amach anseo agus cuirfear leagan móibíleach den suíomh san áireamh ansin.

Moltaí

Mura bhfuil do mholadh luaite anseo, seans gur luadh é i measc mholtaí 2014 atá le feiceáil sa bhlagmhír seo a foilsíodh anuraidh.

Moladh/Easnamh: Níl aon bhosca cuardaigh ann.

Freagra: Tá bosca cuardaigh ar an leathanach baile (féach thíos) ach tá sé i gceist go ndéanfar an bosca sin níos sofheicthe mar chuid den athdhearadh a bheidh le déanamh ar an suíomh amach anseo.

Moladh/Easnamh: Bheith in ann ábhar scoil iomlán a íoslódáil in aon chomhad amháin.

Freagra: Ní féidir níos mó ná leathanach amháin a íoslódáil san iarraidh faoi láthair. Cuirfear fáilte roimh iarratais aonuaire, áfach, maidir le hábhar scoile faoi leith a chur ar fáil in aon chomhad amháin.

Moladh/Easnamh: Ábhar fuaime agus físe a nascadh le ceantar/scoil.

Freagra: Níl na hacmhainní againn ábhar mar seo a aimsiú, ceadanna a lorg etc. ach cuirtear fáilte roimh an bpobal ábhar oiriúnach a chur ar fáil mar aon leis an gcead cuí, má tá teacht acu ar a leithéid.