Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2015 ar úsáideoirí gaois.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar gaois.ie den chéad uair ag deireadh 2015 chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Ba léir ó na freagraí nach bhfuil úsáideoirí gaois.ie lonnaithe in Éirinn amháin ach i dtíortha mar an Iodáil agus an Fhionlainn – i measc tíortha eile.

Rangaíodh na moltaí a tháinig isteach de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí sin thíos.

Moltaí:

Moladh: Athchóiriú a dhéanamh ar an leathanach baile leis an leas is mó a bhaint as áiseanna an tsuímh.

Freagra: Tá na háiseanna uile luaite ar an leathanach baile cheana. Taispeántar bosca cuardaigh don ábhar téarmaíochta ag barr an leathanaigh agus taispeántar na blagmhíreanna is déanaí faoina bhun. Liostáiltear leathanaigh éagsúla an tsuímh ar dheis ar an leathanach, rud a chiallaíonn gur féidir dul ón leathanach baile go háis ar bith ar an suíomh in aon chlic amháin.

Má tá moltaí eile ag úsáideoirí i leith dhearadh an tsuímh, áfach, cuirtear fáilte roimh aiseolas agus mholtaí ag gaois@dcu.ie.

Moladh: Torthaí an chuardaigh a leasú le nach dtaispeánfaí líon na n-uaireanta go luaitear an téarma ach líon na nAchtanna/Gníomhartha ina bhfuil an téarma luaite.

Freagra: Aontaíonn foireann gaois.ie gur moladh fiúntach atá sa mholadh seo agus déanfar an cuardach a leasú leis an eolas breise seo a thaispeáint.

Moladh: Liosta a chur le chéile a thaispeánann líon agus teidil Achtanna an Oireachtais agus Gníomhartha an AE

Freagra: Níl a leithéid ar fáil faoi láthair de bharr gur liosta iontach fada a bheadh i gceist agus bheadh obair i gceist leis an liosta a nuashonrú go rialta. Má tá a leithéid ag teastáil ó úsáideoirí an tsuímh, áfach, déanfar machnamh ar an mbealach is fearr lena leithéid a sholáthar agus a riar agus seans go gcuirfear a leithéid de liosta ar fáil amach anseo.