Gaois

Torthaí ó shuirbhé 2014 ar úsáideoirí logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Foilsíodh suirbhé bliantúil ar logainm.ie idir 15 Feabhra agus 6 Márta chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Fuaireamar amach go bhfuil úsáideoirí logainm.ie lonnaithe i ngach cearn den domhan, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i gCeanada i measc tíortha eile.

Tugadh neart moltaí spéisiúla dúinn mar chuid den suirbhé agus rangaíomar iad de réir catagóirí éagsúla. Pléitear cuid de na moltaí thíos.

Beidh sibh sásta a chloisteáil go raibh roinnt moltaí a fuaireamar mar chuid den suirbhé ar an liosta oibre reatha cheana. Luaigh úsáideoirí go bhfuil cuid den eolas faoi cheilt nó deacair le haimsiú. Mar thoradh ar fhadhb amháin a ardaíodh, tá athainmniú déanta againn ar an mír ‘Gluais|Glossary’ go ‘Gluais & Léarscáileanna dáileacháin|Glossary & Distribution maps’. Tugann sé seo léiriú níos fearr ar a bhfuil i gceist sa rannóg sin.

Luaigh cúpla úsáideoir nach bhfuil na comhordanáidí léarscáile iomlán cruinn. Tuigeann muid go bhfuil an cheist seo ann agus tá siad á gceartú de réir mar a thagann muid orthu. Táimid i mbun plé le OSi agus dreamanna eile faoi láthair agus tá súil againn go mbeidh muid in ann teacht ar réiteach ar an gceist seo sna míonna romhainn.

An moladh is mó a bhí ag daoine ná léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann a chur ar fáil mar chuid den léarscáil reatha. Tuigeann muid go bhfuil géarghá le réiteach ar an gceist seo agus táimid ag obair i dtreo a leithéid le tamall de mhíonna anuas. Táimid ag brath ar pháirtithe seachtracha obair a dhéanamh i bpáirt linn leis an gceist seo a bhogadh ar aghaidh agus níl smacht iomlán againn ar an sceideal dá bhrí sin. Coinneoidh muid úsáideoirí an tsuímh ar an eolas faoin scéal is déanaí i Nuacht na Seachtaine as seo amach. Tá ceist ann chomh maith maidir le logainmneacha Gaeltachta a bheith míchruinn, agus tá sé seo ar bharr an liosta oibre faoi láthair chomh maith.

Luadh cúpla moladh nó easnamh sna suirbhéanna a chuir in iúl d’fhoireann logainm.ie nach bhfuil úsáideoirí ar an eolas faoi na háiseanna ar fad atá ar fáil ar shuíomh logainm.ie. Seo thíos cuid acu mar eolas dár gcuid úsáideoirí mar aon le freagraí ar chúpla ceist eile:

Moladh/Easnamh: ‘Taifid chartlainne a chur ar fáil ina n-iomláine’

Freagra: Tá formhór mór na dtaifead cartlainne scríofa atá ag an mBrainse Logainmneacha ar fáil ar an suíomh, agus cuirtear leo de réir mar a dhéantar an taighde. Tá cartlann fuaime ar fáil chomh maith ag http://www.logainm.ie/phono/. Níl an chartlann iomlán fuaime ar fáil ar líne de bharr cúrsaí príobháideachais agus cead craolta, de réir mar atá mínithe ar leathanach na cartlainne. Is féidir rochtain a fháil ar ábhar trí theagmháil a dhéanamh le foireann logainm.ie (tá an próiseas seo mínithe ar an leathanach céanna).

Moladh/Easnamh: ‘An léarscáil idirghníomhach a dhéanamh níos mó’/’tá an léarscáil ró-bheag’

Freagra: Glacadh cinneadh agus an leagan nua de shuíomh logainm.ie á dhearadh go mbeadh an léarscáil níos lú ná mar a bhí ar an seansuíomh de bharr aiseolais a tháinig ó úsáideoirí sna blianta roimhe sin, ag gearán go raibh an léarscáil rómhór!

Moladh/Easnamh: ‘Níl aon acmhainní oideachais ar fáil ar logainm.ie do scoileanna’

Freagra: Tá acmhainní oideachais ar fáil ar logainm.ie ó 2009 i leith. Tá idir acmhainní statacha (i bhfoirm pdf) agus acmhainní idirghníomhacha (e.g. cluichí logainmneacha ar líne) ar fáil. Tá acmhainní ar fáil do raon aoiseanna idir daltaí bunscoile agus mic léinn ollscoile. Tá sé mar chuid de phlean oibre 2015 go ndéanfar a thuilleadh forbairtí ar na hacmhainní seo/acmhainní nua a dhearadh agus cuirfear tús leis an tasc seo taobh istigh de mhí nó dhó.

Moladh/Easnamh: ‘Tá moill nascadh leis an suíomh’

Freagra: Murab ionann is seansuíomh logainm.ie (nó suíomhanna eile Fiontar fiú), cuimsíonn logainm.ie anois inneachar atá á sholáthar go dinimiciúil trí áis léarscáilíochta tríú páirtí (OSi) mar aon le dearadh iomlán freagrúil. Glactar leis, is cuma cén réiteach teicniúil a chuirtear ar fáil, go n-éilíonn na forbairtí seo luas lódála atá níos faide. É sin ráite, tá sé i gceist againn cúpla leasú a dhéanamh ar an leathanach baile maidir le suíomh agus feidhmiúlacht na léarscáile agus an bosca cuardaigh le luas a chur le ham lódála an leathanaigh.

Is léir ó thorthaí an tsuirbhé seo gur modh luachmhar é le haiseolas a fháil ó phobal úsáideoirí logainm.ie agus táimid fíorbhuíoch de gach duine a thóg an t-am le haiseolas agus moltaí a roinnt linn. Má tá ceist nó moladh faoi leith gur mhaith leat a phlé le foireann logainm.ie, cuireann muid fáilte i gcónaí roimh chomhfhreagras chuig logainm@dcu.ie. Comhghairdeas le hAnna Angus i Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá, buaiteoir an chrannchuir.