ar a bhéal agus ar a aghaidh
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Tite éadan le talamh, béal faoi.
Samplaí corpais
Do chaith sé é féin sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh tirim na h-Éirean an lá san fear eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis.
Ar maidin amáireach a bhí chughainn d'eirighdar agus thánadar chun an teampuil. Fuaradar Dágon ar lár, ar a bheul a's ar a aghaidh, os comhair na h-airce. Chuireadar suas airís é i n' inead féin.
Chómh luath agus d'airigh an triúr Aspol an guth tháinig sgannradh ortha agus thuiteadar ar an dtalamh ar a mbéal a's ar a n-aghaidh. Ansan tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha agus chuir sé misneach ortha, agus nuair fheuchadar suas bhí sé i n'aonar.
Samplaí breise
Ar a bheul agus ar a aghaidh, on his face; face downwards; lit., on his mouth and face.
Thuit sé ar a bhéal a's ar a aghaidh = Caitheadh amach ar a lámha agus ar a chliabh é.
Chaitheadar iad féin ar an dtalamh ar a mbéal agus ar a n-aghaidh. Why not ar a mbéalaibh? For the same reason that it would be ridiculous to say in English "they cast themselves faces downwards," instead of "face downwards." The singular is the usage in both languages.
1. (a) Thit sé ar a bhéal is ar a shrón, (a aghaidh, a fhiacla), he fell flat on his face.