Gaois

an t-anam (tur te) a thitim (as)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

anam, tit

Cur síos

Áibhéil chun treise an mhothúcháin a léiriú.

Samplaí corpais

  • Nuair a bhíodar imthighthe thairis d'éaluigh sé 'na ndiaigh agus tharaing sé an tsrian ortha fé mar a bhéadh sé chun a mbuailte, ach ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, ach ba dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoine a bhí ag feuchaint ar an spórt. Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca iongnadh air.

  • Ba dhóich le duine go dtuitfeadh an t-anam tur teith a' cuid des na fearaibh a bhí láithreach nuair airighdar an gníomh mór, an feóchadán do leagadh le h-aon bhuille chlaidheamh, agus neart uathbhásach an fhir a bhí suas le seacht n-órlach ar aoirde.

  • Gheall Sitric go dtabharfadh sé thusa do'n Iarla. Ansan, nuair a bhí sé ag caint le Bruadar, gheall sé dhó go dtabharfadh sé thusa dhó! Taoín tú geallta dhóibh araon, a mháthair. Má gheibhid siad araon amach é beidh spórt againn! Chaith sí í féin i gcathaoir agus ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam aisti le neart gáirí. Do gháir sí, agus do gháir sí airís.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 289

Úsáid

Cuireann 'tur teith' béim bhreise ar an nath.

Samplaí breise