a phort seinnte
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Deireadh leis; a ré rite.
Samplaí corpais
Ní baoghal dúinn an Iúdach anois. Ní mheallfaidh sé sin aoinne againn ó chreideamh ná ó mhacántacht beatha. Ní baoghal dúinn an t-eiriceadach anois, puinn. Tá a phort san seinnte nách mór.
Cheap sé go raibh a phort seinnte agus nár bh'fhios cad a bhí le h-imtheacht air nuair a thiocfadh Feargus ag socarú ' cúntaisí leis.
Tá mo ghnó déanta! Tá mo phort seinnte! Táim tachtaithe, múchta, imeartha! - agus sraedh, nó séideadh, nó cnead, nó casachtach ag teacht asam idir gach aon dá fhocal.
Samplaí breise
Cheapas go raibh do phort seinnte, I thought your tune was played, i.e., that you were "done for"; that it was all over with you.
Tá a phort seinnte, it is all up with him
tá do phort seinnte agat, you are undone
His goose is cooked, tá a chnaipe déanta, a phort seinnte, a chaiscín meilte, a chosa nite