ainm in airde
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
(Duine a bhíonn) i mbéal an phobail; duine iomráiteach.
Samplaí corpais
Bhí ainim Thaidhg i n-áirde le méid a nirt ó'n lá úd a ghabh sé ar an móirsheisear a lean ó Sráid an Mhuilinn é chun a mharbhtha.
Ba ró ghearr go raibh a ainim i n-áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg.
Samplaí breise
Tá a ainm in airde, he is being talked about; he is well-known.
Bhí a ainm i n-áirde. Bhí cáil mhór air. Bhí trácht air i bhfus agus thall. Duine tábhachtach dob eadh é.
To keep the flag flying, ainm (teaghlaigh, etc.) a choimeád in airde (os comhair na ndaoine).