ar domhan (ar thalamh an domhain)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
In aon chor; dá laghad.
Samplaí corpais
Ach cad 'tá againn le rádh leis an nduine a bheidh 'n-a dhiabhal ó ifrean a gan fhios do'n tsaoghal, agus a bheidh 'ghá leigint air os cómhair na poibilidheachta gur naomh é! Ní'l aon dabht ar domhan air ná go raibh daoine de'n tsórd san ameasg na n-Iúdach i n-aimsir ár Slánuightheóra.
Do labhair Seancha. "A ríghthe agus a uaisle Uladh," ar seisean, "ní fheicim-se go bhfuil le déanamh agaibh ach an t-aon nídh amháin, 'sé sin, an fear a dhein an tigh do chamadh a iarraidh air a dhíriughadh arís. Mura ndeinidh Cúchulainn an tigh a dhíriughadh ní'l an fear san beo ar thalamh an domhain a dhéanfaidh é dhíriughadh."
Chonnaic sé an buille do leag an Biscáiach; agus thuig sé láithreach, i n'aigne, ná raibh an fear san beó ar thalamh an domhain a d'fhéadfadh seasamh os cómhair a mháighstir agus é throid.
Úsáid
Cuireann 'talamh' béim bhreise ar an nath.
Crostagairtí
Samplaí breise
6. Total extent of land; territory, country. Níl sé ar, faoi, thalamh an domhain aon fhear a dhéanfadh é, there is not in all the world a man who could do it.
1. a. The best man alive, an fear is fearr ar thalamh an domhain.
there's nothing in the world worse than that - níl dada ar domhan is measa ná é sin, níl dada ar thalamh an domhain is measa ná é sin.