a chuid fola (ar)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Bheith freagrach as bás duine.
Samplaí corpais
Caithidh isteach sa pholl so é, atá anso sa n-uaigneas, agus ná bíodh a chuid fola ar ár lámhaibh.
Agus d'fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.
Ba mheasa iad 'ná an Págánach, d'á olcas é. Do nigh an Págánach a dhá láimh os a gcómhair agus dúbhairt sé, "Táim-se saor," ar seisean, "ar fhuil an fhíoraoin seo. Bíodh a chuid fola oraibh-se." Agus do liúghadar-san, "Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár sliocht."
Úsáid
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Míniú breise
- Let us not me accused of his death/Ná bimís cointuighthe ina bhás.
- Bheith freagrach as.